Ná hithigí aon arán, aon arbhar tíortha ná aon arán bruite, roimh an lá seo, roimh an ofráil a dhéanamh do bhur nDia. Sin reacht síoraí do bhur sliocht go léir cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh.
Iósua 5:11 - An Bíobla Naofa 1981 Amárach na Cásca, an lá sin díreach, d'itheadar cuid de thorthaí na tíre, cístí gan ghabháile agus arbhar tíortha. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dúadar do sheanarbhar na tíre ar na mhárach déis na cásg, arán gan loibhín, agus arbhar cruaidhte ansa ló chéadnasin. |
Ná hithigí aon arán, aon arbhar tíortha ná aon arán bruite, roimh an lá seo, roimh an ofráil a dhéanamh do bhur nDia. Sin reacht síoraí do bhur sliocht go léir cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh.
An cúigiú lá déag den mhí chéanna féile an tSlimaráin ag an Tiarna; ithigí arán slim ar feadh seacht lá.
ní foláir daoibh roinn a ofráil don Tiarna nuair bheidh arán na tíre á chaitheamh agaibh.
Fad a bhí muintir Iosrael ag cur fúthu i gcampa i nGilgeál, choimeádadar an Cháisc ar an gceathrú lá déag den mhí, um thráthnóna, ar mhachairí Ireachó.
As sin ar aghaidh, ón uair a d'itheadar cuid de thorthaí na tíre, níor thit an manna a thuilleadh; bhí clann Iosrael gan mhanna as sin amach, ach d'itheadar torthaí thír Chanán an bhliain sin.