Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 2:22 - An Bíobla Naofa 1981

Chuireadar chun siúil agus suas leo faoi na sléibhte, agus d'fhanadar ansiúd trí lá go dtí gur fhill an tóir tar éis dóibh an dúiche go léir a chuardach ach gan iad a fháil.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do imthigheadarsan, agus tangadar fan tslíabh, agus do fhanádar ann sin trí lá, no gur fhilleadar na lorgairidh: agus do iarradar na lorgairidh íad ar feadh na sligheadh, ach ní fhuáradar íad.

Féach an chaibidil



Iósua 2:22
5 Tagairtí Cros  

Tháinig searbhóntaí Aibseálóm chun na mná sa teach: “Cá bhfuil Aichímeáz agus Iónátán?” ar siad. D'fhreagair an bhean: “D'imíodar leo ar aghaidh i dtreo an uisce.” Rinne siad cuardach dóibh ach nuair nach bhfuair siad iad d'fhill siad ar Iarúsailéim.


Agus dúirt sí: “Bíodh mar a deir sibh.” Scaoil sí leo agus d'imíodar. Cheangail sí an coirdín craorag den fhuinneog.


Ansin tháinig an bheirt anuas ó na sléibhte agus anall thar abhainn leo agus thángadar go Iósua mac Nún agus d'insíodar dó gach ar tharla dóibh.