Iób 38:34 - An Bíobla Naofa 1981 An dtig leat do ghuth a ardú chun na néalta, Agus iallach a chur ar na tuilte teanntaithe uisce [do thoil a dhéanamh]? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An bhféadann tú do ghuth do thógbhail súas chum na néull, iondus go bhfoileochaidis iomad uisgeadh thú? |
Cé a d'fhéadfadh na néalta a áireamh le críonnacht? Cé a d'fhéadfadh seithí uisce na bhflaitheas a chur ar leathmhaing,
Ba é a rinne an Phléadach agus Óiríon, a dhéanann solas de dhuibhe na hoíche agus a dhorchaíonn arís an lá, a ghaireann ar uiscí na farraige agus a dhoirteann amach iad ar dhromchla na talún; an Tiarna is ainm dó.
Iarraigí fearthainn ar an Tiarna i séasúr fhearthainn an earraigh; óir, is é an Tiarna a dhéanann na néalta doininne. Tabharfaidh sé ceathanna báistí daoibh agus cuirfidh sé féar ag fás i bpáirc an uile dhuine.
Ansin ghuigh sé arís agus thug an spéir an bháisteach agus thug an talamh a toradh uaithi.
Ghuigh Samúéil chun an Tiarna ansin agus sheol an Tiarna toirneach agus fearthainn an lá sin, agus bhí an pobal go léir lán d'urraim don Tiarna agus do Shamúéil.