Nuair a leag sé síos reacht don bháisteach, Agus cosán le leanúint don toirneach,
Iób 38:26 - An Bíobla Naofa 1981 Le go dtitfeadh uisce ar fhearann gan áitreabh daoine, Ar an bhfásach atá gan duine ann, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do thabhairt fá deara dhí fearthuinn air an ttalamh, áit nach bhfuil duine ar bith; ar an bhfásach, ann nach bhfuil áonduine; |
Nuair a leag sé síos reacht don bháisteach, Agus cosán le leanúint don toirneach,
Eisean a chuireann srian leis an mbáisteach Agus déanann sé na ceathanna a scaipeadh ina gceo;
Cibé acu a [sheolann sé iad] d'fhonn ciníocha na cruinne a phionósú, Nó d'fhonn oibreacha trócaire a chur i gcrích.
Seolann sé scamaill ó chríocha na cruinne; déanann sé fearthainn le saighneáin tine; tógann sé na gaotha as a n‑ionaid taisce.
Chuir tú barr ar an mbliain le d'fhéile agus tá do chéimeanna ar sileadh le méathras
Nuair a dhéanann sé toirneach bíonn tormán uisce sna flaithis; tugann sé ar na néalta éirí ó chríocha na talún, déanann tintreach le haghaidh na fearthainne agus tugann an ghaoth as a ionad taisce.
An bhfuil aon cheann de dhéithe na bpágánach a thabharfadh fearthainn? An bhféadann na spéartha ceathanna a thabhairt? Ach is tusa féin é, a Thiarna. Ó a Dhia linn, is tú ár ndóchas, is tú a dhéanann gach ní acu seo.