Chuir sé fáinne thart ar dhromchla na n‑uiscí, Ag an teorainn idir solas agus dorchadas.
Iób 38:19 - An Bíobla Naofa 1981 Cá bhfuil an tslí chun áit an tsolais? Agus dála an dorchadais, cá háit a bhfuil sé? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Cáit a bhfuil an tslighe mar a ccombnuighionn an solus? agus ar son an dorchadais, cáit a bhfuil a ionad, |
Chuir sé fáinne thart ar dhromchla na n‑uiscí, Ag an teorainn idir solas agus dorchadas.
Nach tusa a thugann leat chun a fhearannais é? Nach agatsa atá fios na slí chun a thísean?
Leathann tú an dorchacht go mbíonn ina oíche, agus go mbíonn ainmhithe uile na coille ar a seilg -
Chuir sé an dorchacht chucu agus dhorchaigh sé, ach níor thug siad aird ar a bhriathar.
cumaim an solas agus cruthaím an dorchadas. Tugaim an sonas ann agus spreagaim an donas, is mise an Tiarna a dhéanann é ar fad.
Tugaigí glóir don Tiarna ár nDia sula mbéarfaidh sé dorchadas anuas, sula dtuisleoidh bhur gcosa ar na sléibhte dorcha. Tá súil agaibh le solas, ach fillfidh seisean i scáile é, déanfar de dorchacht tiubh.
Tabharfaidh mé ar shoilse uile na spéire múchadh os do chionn, agus ar an dorchadas titim anuas ar do thír - an Tiarna Dia a labhraíonn.
Óir, féach, ba é a dhealbhaigh na sléibhte, a chruthaigh an ghaoth, a fhoilsíonn a smaointe don duine, a dhéanann [an chamhaoir agus an dorchadas], a shiúlann in áiteanna arda an domhain; is é an Tiarna, Dia na Slua, is ainm dó.
Labhair Íosa leo arís más ea: “Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha.”
Nuair a thógann tú do shúile chun nimhe, agus go bhfeiceann tú an ghrian, an ghealach, na réaltaí agus eagar uile neimhe ná mealltar thú agus sléachtadh dóibh agus fónamh dóibh. D'fhág an Tiarna do Dhia iadsan faoi na ciníocha uile faoin spéir;