Iób 30:6 - An Bíobla Naofa 1981 Níor mhór dóibh cur fúthu in aillteacha na ngleannta, In uaimheanna talún agus i bpluaiseanna carraige. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Chum áitreabhadh a scealpuibh na ngleann, a núamhuibh talmhan, agus annsa cairgibh. |
Imígí libh faoi scailpeacha na gcarraig, isteach i bpluaiseanna an talaimh, ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.
Ansin, ríthe an domhain, agus na maithe móra, agus na cinn feadhma, lucht an tsaibhris agus an nirt, agus gach daor agus saor, chuaigh siad i bhfolach i bpluaiseanna agus i measc carraigeacha na gcnoc,
Luigh Midián go trom ar Iosrael. Bhain clann Iosrael feidhm as pluaiseanna sléibhe agus uaimheanna agus daingin chun teacht slán ó Mhidián.