Iób 30:27 - An Bíobla Naofa 1981 Tá suaitheadh ar mo chroí, gan suaimhneas air choíche, Agus é gach lá ag iompar a ualach bróin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do fhiuchadar minnighe, agus níor shuáimhnigheadar: thangadar láethe mamhgair romham. |
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Éirigh go moch ar maidin agus fan le Forann agus é ag dul amach chun an uisce. Abair leis: ‘Seo mar a deir an Tiarna: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt dom.
An ionúin liom mo mhac Eafráim an méid sin? An bhfuil mé chomh doirte sin air mar leanbh, nach bhfuil uair dá mbagraím air nach ag cuimhneamh air a bhím, nach formhothaithe mé i gcónaí ar a shon, go ligim do mo ghrámhaireacht a bheith ag tnúthán ina dhiaidh? Is é an Tiarna a labhraíonn.
Tá mé faoi chrá. Tá mé ag lúbarnaíl le pian. Á, ballaí mo chroí! - Tá mo chroí á shníomh. Ní fhéadaim gan labhairt, óir chuala mé fuaim an stoic agus dreasú an chatha.
Féach, a Thiarna, is mise atá go hainnis; tá a bhfuil istigh ionam corraithe cráite; tá mo chroí á shníomh i m'ucht mar ba mhór ar fad m'easumhlaíocht; tá an claíomh ag dísciú mo chlainne lasmuigh agus tá an Bás i réim laistigh.
Tá mo shúile tnáite le caoineadh agus a bhfuil istigh ionam corraithe cráite; tá mo chroí á reabadh le brón mar gheall ar léirscrios mo phobail ionúin; óir tá naíonáin agus leanaí cíche ag snoí i gcearnóga na cathrach.