Féach! glaoim in aghaidh an éigin, ach ní thugtar freagra orm. Iarraim cabhair, ach ní bhíonn ceart le fáil agam.
Iób 30:20 - An Bíobla Naofa 1981 Glaoim ort gan freagra a fháil; Seasaim os do chomhair, ach ní thógann tú ceann díom. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Eighim chugadsa, agus ní chluin tú mé: seasuim súas, agus ní bhíon beann agad orum. |
Féach! glaoim in aghaidh an éigin, ach ní thugtar freagra orm. Iarraim cabhair, ach ní bhíonn ceart le fáil agam.
Uch gan [Dia] le héisteacht liom! Tá deireadh ráite agam, ó A go U; freagraíodh an tUilechumhachtach mé.
A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé? Is fada tú ó m'achainí agus ó bhriathra mo chneadaí.
Ní éisteann tú, a Dhia, nuair a ghlaoim ort sa lá: Nuair a screadaim ort san oíche ní bhfaighim aon suaimhneas.
Fiú amháin nuair a scread mé air ag lorg cabhrach, thug sé an chluas bhodhar do m'achainí.
Ach ní dúirt Íosa focal ar bith á freagairt. Tháinig a dheisceabail chuige agus bhí siad ag impí air: “Scaoil uait í,” ar siad, “tá sí ag glaoch inár ndiaidh.”