Gheall tú féin dom: ‘Cuirfidh mé bail ort agus déanfaidh mé do shliocht chomh líonmhar le gaineamh na trá nach féidir a áireamh ar a líonmhaire.’ ”
Iób 29:18 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt mé liom féin: “Gheobhaidh mé bás faoi onóir; Rachaidh mo laethanta i líonmhaire dála an chrann pailme, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Annsin a dubhairt mé, Do gheabha mé bás ann mo nead, agus méideóchuidh mé mo láethe amhuil gaineamh. |
Gheall tú féin dom: ‘Cuirfidh mé bail ort agus déanfaidh mé do shliocht chomh líonmhar le gaineamh na trá nach féidir a áireamh ar a líonmhaire.’ ”
Agus thaiscigh Iósaef raidhse mhór arbhair mar ghaineamh na trá, go dtí go ndeachaigh de é a thomhas mar go raibh a thoirt thar tomhas.
Agus mo fhréamha leata i dtreo na n‑uiscí, Agus an drúcht ag luí ar mo dhuilliúr san oíche.
Rachaidh tú isteach i d'uaigh i bhfómhar aibí do bhlianta, Mar a bhíonn ag an bpunann arbhair sa chruach i dtráth.
Déanfaidh mé é a shásamh le fad saoil a thabhairt dó; agus déanfaidh mé mo shlánú a nochtadh dó.
Tusa a rinne cónaí sa Liobáin, a neadaigh i measc na gcéadar, cé mar a dhéanfaidh tú cneadach nuair a thiocfaidh na doitheacha ort, an phian amhail bean in íona.”
Mheall cáil na fíochmhaire thú, chuir uabhar do chroí [ar seachrán] thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a ghreamaíonn d'airde na gcnoc! Bíodh go ndéanfá do nead chomh hard leis an iolar, theilgfinnse síos as sin thú arís - an Tiarna a labhraíonn.
Cé go n‑éireofá san aer mar iolar, agus do nead a dhéanamh i measc na réaltaí, theilgfinnse síos as sin thú,” a deir an Tiarna.
Is mairg don fhear a dhéanann brabach go héagórach ar son a theaglaigh féin, chun a nead féin a shuíomh os ard agus chun lámh an oilc a sheachaint.