chuir Acháb fios ar Obaidiá, reachtaire an pháláis, agus fear a raibh an-urraim aige don Tiarna.
Iób 28:28 - An Bíobla Naofa 1981 Agus dúirt sé leis an duine: “Féach, eagla an Tiarna an eagna, Agus an t‑olc a sheachaint is ea an tuiscint.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt sé ris an nduine, Amhairc, eagla an TIGHEARNA, sí sin an chríonnacht; agus olc do sheachna is tuigsi sin. |
chuir Acháb fios ar Obaidiá, reachtaire an pháláis, agus fear a raibh an-urraim aige don Tiarna.
Bhí fear ann fadó i dtír Úz darbh ainm Iób. Duine ionraic fónta ab ea é; bhí eagla Dé air agus sheachain sé an t‑olc.
Bhí radharc aige uirthi, agus cheap sé a fiúntas; Thug breith uirthi agus ghrinnscrúdaigh í.
Is é tús na heagna eagla Dé - is ciallmhar iad lucht a adhartha; mairfidh a mholadh go brách.
An té a smachtaíonn na náisiúin nach n‑agróidh sé? an té a theagascann na daoine, nach mbeidh eolas aige?
Casann ród an fhíréin i leataobh ón olc; an té a fhaireann cá bhfuil a thriall caomhnaíonn sé a bheo.
Déantar leorghníomh sa pheaca trí dhílseacht agus seasmhacht; seachnaíonn fear an t‑olc le heagla an Tiarna.
Ná bí féin a mheas go bhfuil tú eagnaí, ach bíodh eagla an Tiarna ort, agus tabhair cúl leis an olc.
Is liomsa dea-chomhairle agus ceartbhreithiúnas; is liomsa géire intleachta agus cumas.
Tús na heagna eagla an Tiarna; agus grinntuiscint is ea aithne ar an Neach Naofa.
Mar choimriú scoir ar a bhfuil cloiste agat: bíodh eagla Dé ort agus coimeád a aitheanta, mar is é sin príomhdhualgas an duine.
Nígí, glanaigí sibh féin. Tógaigí bhur n‑urchóid as mo radharc. Éirigí as an olc a dhéanamh!
“Baineann na rúin leis an Tiarna ár nDia; ach na nithe a fhoilsítear, is linne iad agus lenár gclann go deo d'fhonn go ndéanfaimís briathra uile an dlí seo a chomhlíonadh.
Coimeádaigí iad agus leanaigí iad, agus taispeánfaidh siad bhur n‑eagna agus bhur dtuiscint don saol. Nuair a chluinfidh siad faoi na dlíthe seo go léir, déarfaidh siad: ‘Nach eagnaí agus nach tuisceanach an dream an cine mór seo!’
Seasann cloch bhoinn dhaingean Dé, áfach, agus tá an séala seo greanta inti: “Tá aithne ag an Tiarna ar a mhuintir féin,” agus “Gach duine a ghlaonn ar ainm an Tiarna, tréigeadh sé an urchóid.”
Casadh sé ón olc agus déanadh an mhaith; lorgadh sé an tsíocháin agus téadh sé ar a tóir.