Iób 19:24 - An Bíobla Naofa 1981 Nár greanadh iad, le peann iarainn agus le luaidhe, Ar charraig go brách. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Go mbeidís greanta lé peann íaruinn agus lúaighe a ccarruic go bráth! |
Is eol dom go maireann mo chosantóir beo, Agus go seasóidh seisean, an neach deireanach, an fód go daingean ar talamh.
Beidh ainmneacha chlann mhac Iosrael orthu agus a dó dhéag a líon de réir líon na n‑ainmneacha orthu; beidh siad greanta mar a bheadh séalaí, a ainm féin greanta ar gach ceann, ag freagairt don dá threibh déag.
“Tá peaca Iúdá scríofa le peann iarainn, tá sé greanta le rinn diamaint ar chlár a gcroí agus ar chorra a n‑altóirí mar fhianaise ina n‑éadan