Ach bhíodar easumhal duit agus rinne siad ceannairc i d'aghaidh; Thug siad droim leis an dlí; Mharaigh siad d'fháithe a thugadh rabhadh dóibh, Le hiad a iompú ar ais ortsa, (Agus thug siad diamhaslaí móra).
Hóisé 8:12 - An Bíobla Naofa 1981 Fiú dá scríobhfainn síos dó na mílte míle de m'aitheanta, mheasfaí mar rud iasachta iad. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do scriobh misi chuige neithe móra mo dhlighe, acht do measadh mar ní coimhthigheach íad. |
Ach bhíodar easumhal duit agus rinne siad ceannairc i d'aghaidh; Thug siad droim leis an dlí; Mharaigh siad d'fháithe a thugadh rabhadh dóibh, Le hiad a iompú ar ais ortsa, (Agus thug siad diamhaslaí móra).
Nach bhfuil [deich gcaibidil fichead] de chomhairlí agus de ghaois scríofa agam duit,
Is pobal míréireach iad seo, is clann bhréagach, clann nach áil leo éisteacht le reacht an Tiarna.
Thug mé mo reachtanna dóibh agus thaispeáin mo dheasghnátha dóibh, deasghnátha a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh.
Cheal eolais tá mo phobal á ndíothú. Ó chaith tusa uait an t‑eolas, caithfidh mise uaim thú as mo shagartacht; agus ó lig tusa teagasc do Dhé i ndíchuimhne, ligfidh mise do chlann i ndíchuimhne chomh maith.
Cad é an buntáiste atá ag an nGiúdach mar sin? Nó cad é an tairbhe dó an timpeallghearradh?