Féach! glaoim in aghaidh an éigin, ach ní thugtar freagra orm. Iarraim cabhair, ach ní bhíonn ceart le fáil agam.
Habacúc 1:2 - An Bíobla Naofa 1981 Cá fhad eile, a Thiarna, a bheidh mé ag glaoch ort agus nach n‑éistfidh tú liom nó ag éamh “Foréigean!” agus nach bhfuasclóidh tú sinn? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) O a THIGHEARNA, ga fad bhias mé ag éighiomh, agus nach ccluin tú! eadhon ag éighiomh chugad air fhoiréigion, agus nach áill leachd tárthail! |
Féach! glaoim in aghaidh an éigin, ach ní thugtar freagra orm. Iarraim cabhair, ach ní bhíonn ceart le fáil agam.
Ní éisteann tú, a Dhia, nuair a ghlaoim ort sa lá: Nuair a screadaim ort san oíche ní bhfaighim aon suaimhneas.
Cad chuige ar cosúil thú le duine ar mearbhall, mar a bheadh laoch ann nach bhfuil cabhair ar a acmhainn? Ina dhiaidh sin, a Thiarna, tá tusa inár measc, gairtear d'ainmse orainn. Ná tréig sinn!
Fiú amháin nuair a scread mé air ag lorg cabhrach, thug sé an chluas bhodhar do m'achainí.
Dúirt aingeal an Tiarna ansin: ‘A Thiarna na Slua, cá fhad eile a bheidh tú gan trua a ghlacadh do Iarúsailéim agus do chathracha Iúdá, a bhfuil tú i bhfeirg leo le seachtó bliain anuas?’
Agus ghlaoigh siad de ghuth ard: “A Thiarna uasail, atá naofa fírinneach, cá fada go ndéana tú breithiúnas agus díoltas ar son ár gcuid fola ar áitritheoirí an domhain?”