beidh an bacach ag léimneach mar a bheadh fia ann agus teanga an bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir. Óir brúchtfaidh uisce aníos san fhásach agus srutháin i bhfearann an triomaigh;
Eoin 5:9 - An Bíobla Naofa 1981 Leigheasadh an duine láithreach, thóg sé a shráideog agus shiúil leis. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus ní luaithe ráite é ná leigheasadh an fear, agus thóg sé a shráideog agus shiúil sé leis. Anois ba é an tsabóid é an lá sin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ar an bhomaite rinneadh slán an duine: agus thóg sé a shráideog, agus shiubhal sé. Agus bhí an tsabóid ann an lá sin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ar an láthair do leigheasadh an fear, agus do thóg sé a leaba agus do shiubhal sé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do rinneadh an duine sin slán do lathair, agus do thóg sé a leabuidh, agus do shiobhail sé: agus do bhí an tsábhoíd ann an lá sin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do leighiseadh an duine sin láithreach, agus thóg sé a leabaidh agus do shiubhluigh sé. Agus bhí an tsabbóid ann an lá san. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Leigheasadh an duine láithreach, thóg sé a shráideog agus shiúil leis. |
beidh an bacach ag léimneach mar a bheadh fia ann agus teanga an bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir. Óir brúchtfaidh uisce aníos san fhásach agus srutháin i bhfearann an triomaigh;
Is mar seo a deir an Tiarna: Más maith libh a bheith beo, ná hiompraígí ualach lá na sabóide ar chuntar ar bith agus ná tugaigí geataí Iarúsailéim isteach é.
Chuaigh sé anonn chuici, rug ar láimh uirthi agus thóg suas í. D'fhág an fiabhras í agus thosaigh sí ag freastal orthu.
Dúirt Íosa leis: “Imigh leat! Shlánaigh do chreideamh thú.” Tháinig a radharc dó láithreach agus lean sé é sa tslí.
Agus stad an doirteadh fola aici láithreach, agus mhothaigh sí ina corp go raibh sí leigheasta óna gearán.
Fuair Íosa ina dhiaidh sin é sa Teampall agus dúirt leis: “Féach, tá tú leigheasta. Ná déan peaca feasta le heagla go mbainfeadh rud éigin níos measa duit.”
Má dhéantar timpeallghearradh ar dhuine sa tsabóid chun nach mbrisfí dlí Mhaois, an bhfuil fearg oraibh liomsa mar go ndearna mé duine iomlán a leigheas sa tsabóid?