Ach dúirt sé leo: “Tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.” Dúirt siad: “Níl againn ach cúig builíní agus dhá iasc, ach mura dtéimid féin ag ceannach bia don chomhthionól seo uile” -
Eoin 4:8 - An Bíobla Naofa 1981 Bhí a dheisceabail imithe isteach don chathair ag ceannach bia. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar bhí a dheisceabail tar éis imeacht leo chun na cathrach le bia a cheannach. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir chuaidh a dheisciobail chun na cathrach a cheannach bidh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir bhí na deisceabail imthighthe isteach sa gcathair ag ceannach bidh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír do chúadar a dheisciobailsion don chathraigh do cheannach bígh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Dubhairt Íosa léi: Tabhair dhom deoch. Óir bhí a dheisgiobuil imthighthe isteach sa chathair ag ceannach bídh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhí a dheisceabail imithe isteach don chathair ag ceannach bia. |
Ach dúirt sé leo: “Tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.” Dúirt siad: “Níl againn ach cúig builíní agus dhá iasc, ach mura dtéimid féin ag ceannach bia don chomhthionól seo uile” -
Lena linn sin tháinig a dheisceabail agus rinne siad ionadh de go raibh sé ag caint le bean. Ní dúirt aon duine acu, áfach: “Cad tá uait?” ná “Cén fáth tú a bheith ag caint léi?”
Chreid a lán de Shamáraigh na cathrach sin ann de bharr fhocal na mná ag tabhairt na fianaise: “D'inis sé dom gach ní dá ndearna mé.”
Tháinig sé mar sin go cathair sa tSamáir darbh ainm Suchar, láimh leis an bhfearann a thug Iacób dá mhac Iósaef.