Tá bealach na bhfíréan mar an láchan, agus a solas ag dul i ngile go hard an lae.
Eoin 3:9 - An Bíobla Naofa 1981 D'fhreagair Níocodaemas: “Conas is féidir na nithe sin a bheith amhlaidh?” ar sé leis. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dúirt Nicodémus leis, “Conas is féidir dó seo a bheith amhlaidh?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara D’fhreagair Nicodemus, agus dubhairt leis: Cad é mar is féidir do na neithe sin a bheith? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) D’fhreagair Nicodémus agus adubhairt sé leis, Cionnas is féidir na neithe sin do bheith amhlaidh? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do fhreaguir Nicodémus, agus a dubhairt sé ris, Cionnas as eidir na neithese do bheith? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) D’fhreagair Nicodémus agus dubhairt sé: Conus is féidir na neithe sin a bheith amhlaidh? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dʼfhreagair Niocadaemas: “Conas is féidir na nithe sin a bheith amhlaidh?” ar sé leis. |
Tá bealach na bhfíréan mar an láchan, agus a solas ag dul i ngile go hard an lae.
Ach treoróidh mé na daill ar an mbealach mór agus deánfaidh mé iad a chinnireacht ar bhóithre nach eol dóibh. Athróidh mé an dorchadas ina sholas rompu agus cosáin chama ina siúlóid réidh. Sin iad na gealltanais a chomhlíonfaidh mé, ní bheidh dul siar orthu.”
Dúirt Muire leis an aingeal: “Conas a bheidh seo amhlaidh, agus gan cuid agam d'fhear chéile?”
D'fhreagair Íosa: “Is oide in Iosrael thú,” ar sé leis, “agus nach eol duit na nithe sin!
Dúirt Níocodaemas leis: “Conas is féidir duine a ghiniúint agus é ina sheanduine? An amhlaidh a d'fhéadfadh sé dul isteach i mbroinn a mháthar agus teacht ar an saol athuair?”
Séideann an ghaoth mar is áil léi. Is clos duit a glór, ach ní eol duit cad as di ná cá ngabhann sí. A dála-san ag gach duine a ghintear ón Spiorad.”
Bhí na Giúdaigh ansin ag aighneas le chéile á rá: “Conas is féidir don duine seo a fheoil a thabhairt dúinn le hithe?”
Ar gclos na cainte dá lán dá dheisceabail dúirt siad: “Is crua an chaint í seo, agus cé a d'fhéadfadh éisteacht léi?”