Go deimhin féin a deirim leat, an ní is eol dúinn is air a labhraimid, agus an ní a chonacamar is air a thugaimid fianaise, ach ní ghlacann sibh ár bhfianaise.
Eoin 3:12 - An Bíobla Naofa 1981 Má inis mé nithe talmhaí daoibh, agus nach gcreideann sibh, cén chaoi a chreidfidh sibh, má insím nithe neamhaí daoibh? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Má tá nithe saolta inste agam daoibh agus nach gcreideann sibh, conas a chreidfidh sibh má insim nithe neamhaí daoibh? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Má dubhairt mé neithe saoghalta libh, agus nach gcreideann sibh: cád é mar chreidfeas sibh, má deirim neithe neamhdha libh? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Má d’inniseas neithe saoghalta dhaoibh, agus nach gcreideann sibh mé, cionnas chreidfeas sibh, má innsim neithe neamhdha dhaoibh? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Má dubhairt mé neither talmhuidhe ribh, agus nach ccreidthí, cionnas chreidfidhe, dá nabra mé neither neamhdha ribh? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Má innseas neithe saoghalta dhaoibh agus ná creideann sibh mé, conus a chreidfidh sibh mé má innsim neithe neámhtha dhaoibh? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Má dʼinis mé nithe talmhaí daoibh, agus nach gcreideann sibh, cén chaoi a gcreidfidh sibh, má insím nithe neamhaí daoibh? |
Go deimhin féin a deirim leat, an ní is eol dúinn is air a labhraimid, agus an ní a chonacamar is air a thugaimid fianaise, ach ní ghlacann sibh ár bhfianaise.
D'fhreagair Íosa: “Amen, Amen,” ar sé leis, “mura nginfear duine athuair ní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil.”
D'fhreagair Íosa: “Go deimhin féin a deirim leat, mura ngintear duine ó uisce agus ón Spiorad, ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé.
Séideann an ghaoth mar is áil léi. Is clos duit a glór, ach ní eol duit cad as di ná cá ngabhann sí. A dála-san ag gach duine a ghintear ón Spiorad.”
Agus gan aon agó, is mór í rúndiamhair ár gcreidimh: An té a thaispeáin é féin dúinn i gcolainn dhaonna, sheas an Spiorad a cheart dó, chonacthas é do na haingil, fógraíodh é do na ciníocha, chreid an saol mór ann agus tógadh in airde i nglóir é.
Tá mórán le rá againn faoin ábhar seo ach beidh sé deacair dúinn é a mhíniú daoibh, mar tá sibh dallaigeanta.
Seo é an grá - ní gur thugamarna grá do Dhia ach gur thug seisean grá dúinne agus gur sheol uaidh a Mhac go mbeadh ina íobairt sásaimh ar ár bpeacaí.