Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Eoin 19:7 - An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagair na Giúdaigh é: “Tá dlí againne, agus, de réir an dlí sin, tá d'fhiacha air bás a fháil mar go ndearna sé Mac Dé de féin.”

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Dʼfhreagair na Giúdaigh é, “Tá dlí againn, agus de réir an dlí sin ba cheart a chur chun báis as bheith ag iarraidh a rá gurb é Mac Dé é.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

D’fhreagair na h-Iúdaigh é: Tá dlighe againne, agus do réir an dlighe sin is cóir dó bás d’fhagháil, de bhrígh go ndearna sé Mac Dé de féin.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

D’fhreagair na h‐Iúdaigh, Atá dlighe againn, agus de réir na dlighe sin atá an bás tuillte aige, de bhrigh go ndearna sé Mac Dé dhe féin.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Do fhreagradar na Iúduidhe é, Atá dligheadh aguinne, agus do réir ar ndlighidh as coir dhó bás dfagháil ar son go ndearna sé Mac Dé dhe féin.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

D’fhreagair na Iúdaigh: Tá dlígh againne, agus do réir na dlighe sin is ceart dó bás d’fhághail, de bhrígh gur dhein sé Mac Dé dhe féin.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Dʼfhreagair na Giúdaigh é: “Tá dlí againne, agus, de réir an dlí sin, tá dʼfhiacha air bás a fháil mar go ndearna sé Mac Dé de féin.”

Féach an chaibidil



Eoin 19:7
14 Tagairtí Cros  

Ní hea! ach ár mbreoiteachtaí a bhí sé a iompar agus ár bpianta, ba iad a thromualach. Sinne, áfach, dar linn gur milleadh é, gur leag Dia lámh air agus go raibh sé cloíte.


An té a dhiamhaslaíonn ainm an Tiarna ní foláir dó bás a fháil; caithfidh an comhthionól uile gabháil de chlocha ann. Cibé acu dúchasach nó deoraí é, má mhaslaíonn sé an tAinm, cuirtear chun báis é.


An taoiseach céad a bhí ina sheasamh os a chomhair, chonaic sé mar a shíothlaigh sé amhlaidh sin agus dúirt sé: “Go dearfa ba é Mac Dé an duine sin.”


Nuair a chuala Pioláit an chaint sin, ba mhó ná riamh a eagla.


Ba mhóide sin mar ba mhian leis na Giúdaigh é chur chun báis, mar níorbh é amháin go mbíodh sé ag briseadh na sabóide ach ag tabhairt a athair féin ar Dhia, á chur féin ar aon chéim le Dia.


“Tá an fear seo,” ar siad, “ag áiteamh ar na daoine ómós aindleathach a thabhairt do Dhia.”


ach sa mhéid gur spiorad na naofachta é tá sé oirnithe i gcumhacht mar Mhac do Dhia ó aiséirí dó ó mhairbh.


Ach an fáidh a leomhfaidh focal a labhairt i m'ainmse nár ordaigh mé dhó a labhairt, nó a labhróidh in ainm dé eile, gheobhaidh an fáidh sin bás.’