Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Eoin 19:12 - An Bíobla Naofa 1981

Agus as sin amach bhí Pioláit ag iarraidh é a scaoileadh. Ach chuir na Giúdaigh na gártha suas: “Má scaoileann tú an duine seo saor,” ar siad, “ní cara do Chéasar thú; gach duine a dhéanann rí de féin, ag cur in aghaidh Chéasair a bhíonn.”

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Leis sin thug Píoláid iarraidh faoina scaoileadh, ach gur ghlaoigh na Giúdaigh in ard a gcinn, “Má scaoileann tú an duine sin, ní aon chara do Chaesar tú; níl duine dá ndéanann rí de féin nach gcuireann in éadan Chaesair.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus as sin amach bhí Pioláit ag iarraidh é leigin saor. Acht scairt na h-Iúdaigh amach, ag rádh: Má leigeann tú saor é seo ní cara do Chaesar thú, óir gach aoinneach dá ndéan rí de féin, bíonn; sé ag cur i n-aghaidh Chaesair.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Annsin do bhí fonn ar Phíoláid Íosa do shaoradh: acht do liúgh na h‐Iúdaigh, g‐á rádh, Má shaorann tú an duine sin, ní cara le Céasar thú: gach duine do‐ghní rí dhe féin, is ag cur i gcoinnibh Chéasair atá sé.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Uadh sin súas bá mían lé Píoláid a sgaóileadh: achd do thógbhadar na Híudaidhe gáir, ag rádh, Ma léigeann tú an fearso as, ní cara do Shéasar thú: gidh bé ní rí dhé féin labhruidh sé a naghaidh Shéasair.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus as san amach bhí Pílát a d’iarraidh é leigint saor. Ach do liúigh na Iúdaigh, agus dubhradar: Má leigeann tú saor é seo ní cara do Caesar tu; Óir, gach aoinne a dheineann rí dhe féin labhrann sé i n-aghaidh Chaesair.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus as sin amach bhí Píoláit ag iarraidh é a scaoileadh. Ach chuir na Giúdaigh na gártha suas: “Má scaoileann tú an duine seo saor,” ar siad, “ní cara do Chaesar thú; gach duine a dhéanann rí de féin, ag cur in aghaidh Chaesair a bhíonn.”

Féach an chaibidil



Eoin 19:12
9 Tagairtí Cros  

agus sa mhéid nach dóigh linn gur chóir dúinn a bheith ag faire ar an rí á mhaslú, de bhrí go n‑ithimid salann an rí; uime sin cuirimid an fhaisnéis seo chun an rí


Dúirt an rí Zidicíá le Irimia ansin: “Tá eagla orm roimh na Giúdaigh atá imithe cheana do thaobh na gCaildéach, ar fhaitíos go dtabharfaí ina lámha siúd mé agus go dtabharfaidís ainíde orm.”


Abair linn do bharúil, mar sin: An dleathach cáin a íoc le Céasar nó an mídhleathach?”


D'fhreagair Pioláit: “An rud atá scríofa agam, tá sé scríofa.”