Ach tá nós agaibh go scaoilfinn príosúnach chugaibh sa Cháisc. Ar mhaith libh go scaoilfinn chugaibh rí na nGiúdach?”
Eoin 19:10 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Pioláit leis ansin: “An ea nach labhróidh tú liom? Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil ar mo chumas thú a chéasadh agus go bhfuil ar mo chumas thú a scaoileadh saor?” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dúirt Píoláid leis mar sin, “An é nach labhróidh tú liom? Nach bhfuil fhios agat go bhfuil cumhacht do scaoilte agus do chrochta agam?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Deir Pioláit leis, dá bhrígh sin: Nach labhrann tú liom-sa? Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil cumhacht agam-sa thu a chéasadh, agus go bhfuil cumhacht agam thú a leigin saor? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Uime sin adubhairt Píoláid leis, Nach labharfaidh tú liom? nach bhfuil a fhios agat go bhfuil ar chumas dom do scaoileadh saor, agus go bhfuil ar chumas dom do chrochadh? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Uime sin a dubhairt Pioláid ris, An ne nach ttugann tú freagra oramsa? nach bhfuil a fhios agad go bhfuil cumhachda agamsa do chrochadh, agus go bhfuil cumhachda agam do sgaóileadh? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Dubhairt Pílát leis, d’á bhrígh sin: An amhlaidh ná labharfair liom? Ná fuil fhios agat go bhfuil ar mo chumas-sa thú chéasadh, agus go bhfuil ar mo chumas thú leigint saor? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Píoláit leis ansin: “An ea nach labhróidh tú liom? Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil ar mo chumas thú a chéasadh agus go bhfuil ar mo chumas thú a scaoileadh saor?” |
Ach tá nós agaibh go scaoilfinn príosúnach chugaibh sa Cháisc. Ar mhaith libh go scaoilfinn chugaibh rí na nGiúdach?”
D'fhreagair Íosa: “Ní bheadh cumas ar bith agat orm mura mbeadh é á thabhairt duit ó lastuas. Agus dá bhrí sin, an té a thug ar láimh duit mé, is mó an peaca atá air.”
Chuaigh sé isteach sa Phréatóiriam arís agus dúirt le Íosa: “Cad as duit?” Ach níor thug Íosa aon fhreagra air.