Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Eoin 1:23 - An Bíobla Naofa 1981

Dúirt sé: “Is glór duine mé ag éamh san fhásach: ‘Déanaigí díreach bóthar an Tiarna,’ mar a dúirt Íseáia fáidh.”

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ar seisean, “Níl ionam ach glór daonna ag glaoch ar an bhfásach, ‘Dirígí bealach an Tiarna,’ mar a dúirt an fáidh Isáia.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Dubhairt sé: Is guth duine mé ag glaodhach san fhásach: Déanaigidh slighe an Tighearna a dhíriughadh, mar adubhairt Isaias, fáidh.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Adubhairt seisean, Is mise guth an té ghlaodhas sa bhfásach, Déanaidh slighe an Tighearna díreach, mar adubhairt Ésáias fáidh.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

A dubhairt seisean, Misi guth an té éighmheas ar an bhfásach, Dírghidh slighe an Tighearna, mar a dubhairt Esaías an faidh.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Cad deirir ad’ thaobh féin? Dubhairt sé: Guth duine iseadh mé ag glaodhach sa bhfásach, Deinidh slígh an Tighearna do dhíriú; mar adubhairt Isáias fáidh.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Dúirt sé: “Is glór duine mé ag éamh sa bhfhásach: ‘Déanaigí díreach bóthar an Tiarna,’ mar a dúirt Íseáia fáidh.”

Féach an chaibidil



Eoin 1:23
9 Tagairtí Cros  

Ag tagairt dó seo a bhí an chaint a dúirt Íseáia fáidh: “Glór duine ag éamh san fhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chasáin.’ ”


Glór duine ag éamh san fhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chosáin.’ ”


Dúirt siad leis mar sin: “Cé hé thú? - chun go mbeadh freagra againn dóibh seo a chuir chugat sinn. Cad tá le rá agat mar gheall ort féin?”


Ó na Fairisínigh a ba ea na teachtairí,


Is finnéithe sibh féin orm go ndúirt mé: ‘Ní mise an Críost, ach gur cuireadh roimhe amach mé.’