Bígí ag faire dá bhrí sin agus cuimhnígí air nár stad mise ar feadh trí bliana ach ag tabhairt comhairle don uile dhuine agaibh de lá is d'oíche agus na deora i mo shúile.
Eazrá 8:29 - An Bíobla Naofa 1981 Tugaigí aire dóibh agus coinnigí slán iad nó go dtomhaisfidh sibh iad i láthair na bpríomhshagart, na Léivíteach agus chinn finí Iosrael in Iarúsailéim i seomraí Theampall an Tiarna.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Déanuidhsi faire, agus coimhéuduigh íad, no go ccomhthromhuigh sibh íad a lathair cheann na sagart agus na Lebhíteach, agus thogha aithreadh Israel, ann Ierusalem, a seómradhuibh thighe an TIGHEARNA. |
Bígí ag faire dá bhrí sin agus cuimhnígí air nár stad mise ar feadh trí bliana ach ag tabhairt comhairle don uile dhuine agaibh de lá is d'oíche agus na deora i mo shúile.
Ach bíse stuama staidéartha i ngach ní; cuir suas leis an gcruatan, déan do ghnó mar shoiscéalaí, comhlíon do dhualgas.