Seo iad na ranna atá ar chlann mhac Árón: Clann mhac Árón: Nádáb, Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár.
Eazrá 6:18 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin cheap siad na sagairt de réir a n‑ord, agus na Léivítigh de réir a ranganna, chun freastal a dhéanamh i dTeampall Dé in Iarúsailéim, mar atá scríofa i Leabhar Mhaois. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do shuigheadar na sagart iona ronnuibh, agus na Lebhítigh iona sealuibh, chum serbhísi Dé, noch atá ann Ierusalem; mar atá scríobhtha a leabhar Mhaóise. |
Seo iad na ranna atá ar chlann mhac Árón: Clann mhac Árón: Nádáb, Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár.
Dáiví, agus na feidhmeannaigh shinsearacha, chuir siad ar leithligh: clann mhac Ásáf agus Haemán agus Iadútún, fáithe a chanadh le tionlacan ó chruit ó chláirseach agus ó chiombal, agus rinneadh liosta díobh siúd a raibh na dualgais sin le comhlíonadh acu.
Socraíodh ord na seirbhíse, leis na sagairt ina n‑áit féin agus na Léivítigh ina n‑oird de réir mar a d'ordaigh an rí.
Sheas na sagairt ina n‑ionaid féin, agus mhol na Léivítigh an Tiarna ar na huirlisí a rinne Dáiví le comhsheinm le cainticí an Tiarna: “Óir maireann a bhuanghrá de shíor.” Ghabh siad na hiomainn mholta a chum Dáiví. Taobh leo bhí na sagairt ag séideadh an stoic, agus Iosrael go léir ina seasamh.
Tabhair na Léivítigh d'Árón agus dá mhic mar thoirbheartaigh; tugadh clann Iosrael dó iad.