“Mar seo a deir Cíoras rí na Peirse: ‘Thug an Tiarna, Dia neimhe, ríochtaí uile na cruinne dom, agus chuir sé de dhualgas orm Teampall a thógáil dó in Iarúsailéim, in Iúdá.
Eazrá 5:15 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leis: ‘Tóg na soithí seo; tabhair ar ais iad don sanctóir in Iarúsailéim agus tógtar Teampall an Tiarna ar a láthair bhunaidh.’ An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt sé ris, Glac na soithighe, imthigh, beir leachd íad gus an teampall atá ann Ierusalem, agus cuirthear tigh Dé súas iona áit féin. |
“Mar seo a deir Cíoras rí na Peirse: ‘Thug an Tiarna, Dia neimhe, ríochtaí uile na cruinne dom, agus chuir sé de dhualgas orm Teampall a thógáil dó in Iarúsailéim, in Iúdá.
Thóg siad an altóir ar a seanláthair d'ainneoin an eagla a bhí orthu roimh phobail na tíre, agus d'ofráil siad íobairtí dóite uirthi, íobairtí uileloiscthe, ar maidin agus tráthnóna.
Agus na soithí óir agus airgid le Teampall Dé a thóg Nabúcadnazar ón Teampall in Iarúsailéim agus a thug sé leis go dtí an teampall sa Bhablóin, thóg Cíoras rí iad ón teampall sa Bhablóin agus thug ar ais iad do dhuine darbh ainm Séisbeazar, fear a cheap sé ina ghobarnóir.
Tháinig an Séisbeazar céanna dá bhrí sin agus leag sé clocha boinn Theampall Dé in Iarúsailéim; tá sé á thógáil acu riamh ó shin, ach níl deireadh déanta fós.”
Sa chéad bhliain de réimeas an rí Cíoras, thug Cíoras rí forógra: Teampall Dé in Iarúsailéim: Déantar an Teampall a atógáil mar áit ina n‑ofrálfar íobairtí agus ina dtabharfar ofrálacha [le dó]. Bíodh sé trí fichid banlámh ar fad agus trí fichid banlámh ar leithead.