Chuir Forann fios le teann deabhaidh ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Pheacaigh mé in aghaidh an Tiarna, bhur nDia, agus in bhur n‑aghaidh féin.
Eaxodus 8:25 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin ghlaoigh Forann ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Imígí agus déanaigí íobairt do bhur nDia, ach laistigh de na críocha seo!” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do ghoir Phárao ar Mhaóise agus ar Aáron, agus a dubhairt, Eirgidh, déanuidh iodhbuirt do bhur Ndía ann sa talamh. |
Chuir Forann fios le teann deabhaidh ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Pheacaigh mé in aghaidh an Tiarna, bhur nDia, agus in bhur n‑aghaidh féin.
Chuir Forann fios ar Mhaois ansin agus dúirt: “Imígí agus déanaigí íobairt don Tiarna. Ní miste bhur miondaoine a dhul libh, ach caithfidh bhur dtréada agus bhur dtáinte fanacht anseo.”
Tugadh Maois agus Árón ar ais go Forann dá bhrí sin agus dúirt sé leo: “Imígí, déanaigí íobairt don Tiarna, bhur nDia. Ach cé tá le himeacht?”
Chuir sé fios ar Mhaois agus ar Árón san oíche agus dúirt leo: “Éirígí láithreach, sibh féin agus clann Iosrael, agus amach libh ó mo mhuintirse; imigí agus déanaigí íobairt don Tiarna mar a d'iarr sibh.
Ansin ghlaoigh Forann ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Iarraigí ar an Tiarna na froganna a thógáil díomsa agus de mo mhuintir agus ligfidh mise don phobal dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna.”
Ansin chuir Forann fios ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt leo: “Admhaím mo pheaca an turas seo! Tá an Tiarna sa chóir agus mise agus mo mhuintir san éagóir.
Guígí chun an Tiarna: tá ár ndóthain againn den toirneach agus den chlochshneachta; ligfidh mé libh agus ní bheidh a thuilleadh moille anseo oraibh.”
Dá bhrí sin, scoirigí den ábhacht, ar eagla go dteannfaí bhur gcuibhreacha oraibh; óir chuala mé anois scrios na tíre go hiomlán á fhógairt thar ceann an Tiarna Dia na Slua.
Féach! tabharfaidh mé do shionagóg Shátain iad siúd a deir gur Giúdaigh iad féin agus nach ea, ach gur bréag dóibh sin, agus, féach, cuirfidh mé iallach orthu teacht agus sléachtadh ag do chosa agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit.