Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Eaxodus 39:7 - An Bíobla Naofa 1981

Chuir sé iad ar ghuailleáin an éafód le bheith ina gclocha cuimhne ar chlann Iosrael, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do chuir sé ar ghuáillibh an ephod íad, ar chor go mbéidis na gclochuibh mar chuimhne do chloínn Israel; mar do aithin an TIGHEARNA da Mhaóise.

Féach an chaibidil



Eaxodus 39:7
7 Tagairtí Cros  

Ach thug mé freagra orthu: “Cuirfidh Dia neimhe agus talún an rath orainn! Táimidne, a shearbhóntaí, ag dul i mbun tógála; níl cuid ná ceart ná seoid chuimhne agaibhse in Iarúsailéim.”


Agus cuirfidh tú an dá chloch ar dhá ghuailleán an éafód mar chlocha cuimhne chlann Iosrael, agus déanfaidh Árón a n‑ainmneacha a iompar ar a ghuaillí mar chuimhne i láthair an Tiarna.


Ar an gcuma sin iompróidh Árón ainmneacha chlann mhac Iosrael i lúireach an bhreithiúnais ar a chroí nuair a rachaidh sé isteach san áit naofa, d'fhonn iad a thabhairt chun cuimhne de shíor i láthair an Tiarna.


Beidh dhá ghuailleán ceangailte dá dhá imeall á choimeád le chéile.


Deirim libh go fírinneach, cibé áit ina gcraobhscaoilfear an soiscéal seo ar fud an domhain go léir, déanfar trácht ar a ndearna sise freisin mar chuimhneamh uirthi.”


déarfaidh sibhse leo: ‘Dheighil uiscí na Iordáine ó chéile roimh áirc chonradh an Tiarna, agus nuair a ghabh sí thar Iordáin d'imigh uiscí na habhann ar ceal. Is cuimhneachán síoraí ag clann Iosrael air sin na clocha seo.’ ”