An bhanlámh bhreise ar gach taobh ar feadh brait na botha, crochfaidh sí thar chliatháin an taibearnacail, á chlúdach ón dá thaobh.
Eaxodus 26:8 - An Bíobla Naofa 1981 Beidh gach brat tríocha banlámh ar fhad agus ceithre bhanlámh ar leithead: bíodh an t‑aon bhrat déag den aon mhiosúr. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Budh hé fad éan chuirtín triochad cubhad, agus leithead éan chúirtín ceithre cubhaid: agus béid an téanchuirtín déag uile dáoinmhiosúr. |
An bhanlámh bhreise ar gach taobh ar feadh brait na botha, crochfaidh sí thar chliatháin an taibearnacail, á chlúdach ón dá thaobh.
Beidh ocht mbanlámh fichead d'fhad i ngach brat, agus ceithre bhanlámh de leithead i ngach brat; beidh na brait uile den aon mhiosúr.
“Déanfaidh tú brait d'fhionnadh gabhair chun both a chur os cionn an taibearnacail; aon bhrat déag a dhéanfaidh tú.
Ceanglóidh tú cúig bhrat le chéile leo féin agus na sé cinn eile leo féin; an séú ceann déanfaidh tú é a fhilleadh faoi dhó ag béal na botha.