Agus déanfaidh tú leathchéad nasc cré-umha agus na naisc a chur sna lúba agus an bhoth a dhlúthú le chéile ina haon.
Eaxodus 26:10 - An Bíobla Naofa 1981 Cuirfidh tú leathchéad lúb ar imeall an bhrait is sia amach ar an gcéad sraith díobh agus leathchéad lúb ar imeall an bhrait is sia amach ar an tsraith eile. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do dhéana tú cáogad lúb ar imiol a néanchúirtín atá táobh a muigh annsa ccoimhcheangal, agus cáogad lúb a nimiol an chúirtin noch cheingeolus an dara cúpla. |
Agus déanfaidh tú leathchéad nasc cré-umha agus na naisc a chur sna lúba agus an bhoth a dhlúthú le chéile ina haon.
Cuirfidh tú lúba d'ábhar gorm ar imeall an bhrait deiridh de shraith díobh agus mar an gcéanna leis an imeall ar an mbrat deiridh den tsraith eile.
Ceanglóidh tú cúig bhrat le chéile leo féin agus na sé cinn eile leo féin; an séú ceann déanfaidh tú é a fhilleadh faoi dhó ag béal na botha.
Chuir sé leathchéad lúb ar an gcéad bhrat agus leathchéad lúb, ag teacht leo ceann ar cheann, ar imeall an bhrait deiridh sa dara sraith.