Ma bheir duine dá chomharsuin airgead nó éadail a ttaiscidh, agus go ngadfuighear sin as tigh an duine; má gheibhthear an gaduighe, díoladh sé dúbalta é.
Nuair a chuireann duine a stoc ar féarach i bpáirc nó i bhfíonghort, nó go ligeann sé dá ainmhithe fosaíocht i bpáirc duine eile, déanadh sé cúiteamh [ar son an fhéaraigh a hitheadh den pháirc. Ach má cheadaigh sé an pháirc go léir a ithe, déanadh sé cuiteamh] de réir an toraidh is fearr a bhí riamh ar pháirc nó ar fhíonghort an duine ar a ndearna sé an éagoir.
“Má pheacaíonn duine agus go ndéanann sé feall ar an Tiarna trí chalaois a dhéanamh ar a chomharsa faoi gheall nó faoi bhannaí, nó trina chuid a choimeád uaidh nó trí leatrom a imirt air;
nó aon ní a dtug sé mionn éithigh ina thaobh; ní foláir dó an mhaoin bhunaidh go léir a chúiteamh, agus an cúigiú cuid dá luach a chur de bhreis léi, agus an t‑iomlán sin a aisíoc don té ar leis é ar lá a íobairt chúitimh.
Ach dúirt sé é sin, ní mar go raibh aon aird aige ar na boicht ach gur ghadaí é agus go mbíodh an sparán aige agus go mbíodh sé ag tarraingt as a gcuirtí ann.