socróidh mionn dar an Tiarna eatarthu beirt, féachaint ar leag sé lámh ar chuid a chomharsan. Glacadh an t‑úinéir a mbíonn fágtha, agus ní dhéanfaidh an duine eile cúiteamh.
Eaxodus 22:11 - An Bíobla Naofa 1981 Má ghoidtear uaidh é, déanadh sé cúiteamh leis an úinéir. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sin biáidh mionna an TIGHEARNA éatorra aráon, nach ar chuir seision a lámh a máoin a chomharsan; agus géuhhuidh an seal bhuighe sin úadh, agus ní dhéana seision go maith é. |
socróidh mionn dar an Tiarna eatarthu beirt, féachaint ar leag sé lámh ar chuid a chomharsan. Glacadh an t‑úinéir a mbíonn fágtha, agus ní dhéanfaidh an duine eile cúiteamh.
Má stollann ainmhithe allta é, tugadh sé an fuíoll leis mar fhianaise agus ní dhéanfaidh sé cúiteamh ar son an stollta.
I gcás gach feall ar iontaoibh, maidir le damh nó asal nó caora, nó éadach, nó aon ní a fuarthas caillte dá nduradh faoi ‘seo é’, tagadh cúis na beirte os comhair Dé; an té ar a dtabharfaidh Dia daorbhreith, caithfidh sé dúbailt a íoc leis an duine eile.
Ná scaoil scéal bréagach. Ná tabhair lámh chúnta do dhrochdhaoine le fianaise urchóideach.
Ar eagla go mbeinn sách agus go séanfainn thú, agus go ndéarfainn: “An Tiarna? - cé hé féin?” Nó go mbeinn bocht agus go ndéanfainn goid, agus go maslóinn ainm mo Dhé.
Is é a deirimse: comhlíon ordú an rí agus sin mar gheall ar do mhóid dhiaga dhílseachta.
Sa chás go bpeacaíonn duine [i gceann de na cúinsí seo leanas]: Má chluineann duine an mionnú sollúnta chun fianaise a thabhairt agus go mba chóir dó teacht i láthair le fianú, mar go raibh fianaise súl aige ar an ngnó, nó eolas eile air, ach nár labhair sé amach agus go bhfuil iarsmaí a dhrochbhirt á n‑iompar aige;
nó má aimsíonn sé maoin a cailleadh agus go séanann sé é sin; nó má thugann sé mionn éithigh i dtaobh aon pheaca a dhéanfadh duine;
Anois, déanann daoine dearbhú ar rud atá níos mó ná iad féin agus cuireann dearbhú daingean mar seo deireadh le gach argóint a bhíonn eatarthu.