Agus dúirt mé: “A Thiarna, a Dhia neimhe, a Dhia mhór an imeaglaithe, a chothaíonn conradh agus cairdeas buan leo seo a thugann grá duit agus a chomhlíonann d'aitheanta,
Eaxodus 20:6 - An Bíobla Naofa 1981 ach déanaim cineáltas buan leis na mílte díobh siúd a thugann grá dom agus a choimeádann m'aitheanta. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus thaisbéanas trócaire do mhíltibh don luchd ghrádhuigheas mé, agus choimhéadas maitheanta. |
Agus dúirt mé: “A Thiarna, a Dhia neimhe, a Dhia mhór an imeaglaithe, a chothaíonn conradh agus cairdeas buan leo seo a thugann grá duit agus a chomhlíonann d'aitheanta,
leanann sé dá bhuanghrá i leith na mílte, maitheann lochtanna, coir agus peaca; ach ní fhágann sé aon ní gan díolt, ag agairt cion na n‑aithreacha ar an gclann agus ar chlann na clainne go dtí an tríú agus an ceathrú glúin.”
Ná déan dearmad de mo theagasc, a mhic, agus coinníodh do chroí greim ar m'aitheanta.
Taispeánann tú cineáltas do na mílte, ach cúitíonn tú éigeart na n‑aithreacha go hiomlán lena gclann ina ndiaidh. Dia mór, cumhachtach, arb é Tiarna na Slua a ainm!
‘Is mall é an Tiarna chun feirge, is lán é de bhuanghrá; maitheann sé coir agus peaca, ach ní fhágann sé aon ní gan díolt, ag agairt cion na n‑aithreacha ar an gclann agus ar chlann na clainne go dtí an tríú agus an ceathrú glúin.’
An té a bhfuil m'aitheantasa aige agus a choinníonn iad, sin é an té a bhfuil grá aige dom. An té a bhfuil grá aige dom, beidh grá ag m'Athair dó, agus beidh grá agam dó, agus taispeánfaidh mé mé féin dó.”
mar is daoibhse agus do bhur gclann atá an gealltanas úd agus dóibh siúd freisin atá i bhfad ar shiúl - don uile dhuine dá nglaofaidh ár nDia chuige.”
De bhrí gurbh ansa leis do shinsir agus gur thogh sé sliocht ina ndiaidh, agus gur thug sé as an Éigipt amach thú, gan ceilt ar a láthar na ar a mhórchumhacht,
Uch gan a gcroí a bheith mar sin i gcónaí, socair ar m'eaglasa agus ar m'aitheanta a choimeád, i dtreo go mbeadh an rath orthu féin agus ar a gclann go brach!
Bíodh a fhios agat dá bhrí sin gur Dia dáiríre an Tiarna do Dhia, Dia dílis a choimeádann a chonradh agus a bhuanghrá ar feadh míle glúin ina leith siúd a ghránn é agus a chomhlíonann a aitheanta,
Is aoibhinn don fhear a sheasann an fód in aghaidh an chathaithe mar nuair a bheidh sé profa, gheobhaidh sé coróin na beatha a gheall an Tiarna dóibh siúd a thugann grá dó.
Agus is é seo an grá - go siúlaimis de réir a aitheanta: Seo í an aithne, mar a chuala sibh ó thús í, go siúlaimis sa ghrá.