Sheol Maois Iosrael ar aghaidh ó Mhuir na nGiolcach agus isteach leo i bhfásach Shiúr mar ar leanadar sa siúl tríd an bhfásach ar feadh trí lá gan uisce a fháil.
Eaxodus 17:1 - An Bíobla Naofa 1981 Bhog comhthionól uile chlann Iosrael leo ar aghaidh óna gcampa i bhfásach Shín, céim ar chéim de réir mar d'ordaigh an Tiarna; shuíodar a gcampa i Reifídím, áit nach raibh aon uisce le hól ag an bpobal. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do ghluáiseadur comhchruinniughadh chloinne Israel uile ó fhásach Sin, tar éis a naistior do réir aithne an TIGHEARNA agus do chuireadar futhadh a Rephidim: agus ní raibh uisge ag an bpobal ré na ól. |
Sheol Maois Iosrael ar aghaidh ó Mhuir na nGiolcach agus isteach leo i bhfásach Shiúr mar ar leanadar sa siúl tríd an bhfásach ar feadh trí lá gan uisce a fháil.
Chuireadar chun siúil arís ó Éilím, agus shroich comhthionól uile chlann Iosrael fásach Shín, idir Éilím agus Síonái, ar an gcúigiú lá déag den dara mí tar éis dóibh an Éigipt a fhágáil.
Chuireadar chun siúil arís ó Reifídím agus nuair a shroicheadar fásach Shíonái, shuíodar a gcampa ansiúd san fhásach os comhair an tsléibhe.
Ní raibh uisce ann don chomhthionól, agus chuireadar go léir le chéile in aghaidh Mhaois agus Árón.
Nuair a d'ardaíodh an néal ón mboth, chuireadh clann Iosrael chun siúil; cibé áit ina luíodh an néal, ansiúd a shuíodh clann Iosrael a gcampa.
Faoi ordú an Tiarna shuídís campa, faoi ordú an Tiarna a scoiridís campa. Choinnídís aithne an Tiarna de réir ordú an Tiarna trí Mhaois.