Agus a dubhairt seision riú, Bíodh an TIGHEARNA mar sin libhsi, fa mar léigfeas misi dhibhse imtheachd, agus dá bhur nóguibh: féachuidh, atá olc romhuimh.
Ná cuireadh Hiziciá amú sibh, ná cuireadh sé dallamullóg oraibh ar an tslí seo. Ná géilligí dó! Óir níor fhéad dia aon chine ná aon ríochta a phobal a fhuascailt ó mo ghreim ná ó ghreim mo shinsear. Nach lú go mór ná sin a fhéadfaidh bhur nDia sibh a fhuascailt ó mo ghreim!’ ”
Chuir Forann fios ar Mhaois ansin agus dúirt: “Imígí agus déanaigí íobairt don Tiarna. Ní miste bhur miondaoine a dhul libh, ach caithfidh bhur dtréada agus bhur dtáinte fanacht anseo.”
“Tabharfaimid linn ár n‑óga agus ár liatha,” arsa Maois. “Tabharfaimid linn ár gclann mhac agus iníonacha, ár dtréada agus ar dtáinte, mar sí féile an Tiarna againn í.”
Ghabh an Tiarna rompu mar cholún néil sa lá ag tabhairt eolas na slí dóibh, agus mar cholún tine san oíche ag tabhairt solais dóibh, i dtreo nár chás dóibh taisteal de lá nó d'oíche.