Agus seo sampla eile fós: Fuineann an criadóir an chré bhog le mórán dua; ansin múnlaíonn sé gach sort árthaigh aisti mar áis dúinn; is as an gcnap céanna cré a mhúnlaíonn sé ní amháin na hárthaí a fhónann do ghnóthaí glana ach na cinn freisin a mbaintear malairt feidhme astu; mar sin féin, is ar an gcuma chéanna a dhéantar iad go léir. Is é an potaire féin, áfach, a shocraíonn cé acu de na feidhmeanna seo a bhíonn ag gach árthach díobh.