Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Eabhraigh 8:3 - An Bíobla Naofa 1981

Ceaptar gach ardsagart, áfach, chun tabhartais agus íobairtí a ofráil. Mar sin de, ní mór don sagart seo againne freisin rud éigin a bheith aige lena ofráil.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Mar ceaptar gach ardsagart le bheith ag ofráil aiscí agus íobairtí; caithfidh an t-ardsagart seo againne ní éigin a bheith aigc lena ofráil.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Óir órduightear gach árd‐shagart chum tabhartaisí agus íodhbartha d’ofráil: agus d’á bhrigh sin ní foláir do’n árd‐shagart nidh éigin bheith aige le n’íodhbairt.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Oír as chuige órduighthear gach uile árdsagart chum na dtabhartus agus na niodhbarthadh dforáil: ionnas gur bhéigin don fhiorsa mar an gcéudna ní éigin do bheith aige ré a iodhbairt.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ceaptar gach ard-sagart, áfach, chun tabhartais agus íobairtí a ofráil. Mar sin de, ní mór don sagart seo againne freisin rud éigin a bheith aige lena ofráil.

Féach an chaibidil



Eabhraigh 8:3
14 Tagairtí Cros  

Is mise an t‑arán beo a tháinig anuas ó neamh. Má itheann duine an t‑arán seo mairfidh sé go deo, agus an t‑arán a thabharfaidh mé uaim is é m'fheoil é [a thabharfar] ar son bheatha an domhain.”


a tugadh suas mar gheall ar ár gcionta agus a tógadh ó mhairbh i gcomhair ár bhfíréanaithe.


Nuair a bhíomar fós lag, fuair Críost bás i dtráth ar son drochdhaoine.


Ach cruthaíonn Dia an grá atá aige dúinn trí Chríost a fháil bháis ar ár son agus sinn fós inár bpeacaigh.


agus ní mise a mhaireann beo feasta ach Críost a mhaireann ionam. An saol a chaithim sa cholainn anois, caithim é faoi luí an chreidimh atá agam i Mac Dé a thug suas é féin ar mo shon le neart grá dom.


agus mairigí de réir an ghrá faoi mar a ghráigh Críost sinne agus a thug é féin suas ina ofráil chun Dé agus ina íobairt chumhra ar ár son.


Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.


Mar sin de, níorbh fholáir dó bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí ionas go mbeadh sé ina ardsagart trócaireach dílis i seirbhís Dé a dhéanfadh cúiteamh leis i bpeacaí an phobail.


Ar an ábhar sin, a bhráithre naofa, atá pairteach i ngairm neamhaí, breathnaígí ar Íosa, aspal agus ardsagart ár gcreidimh.


Gach ardsagart a thógtar as na daoine, ceaptar é chun seirbhís a dhéanamh do Dhia thar ceann na ndaoine. Ofrálann sé tabhartais agus íobairtí in éiric peacaí.


sagart nár ghá dó, faoi mar ba ghá do na hardsagairt eile úd, íobairt a ofráil go laethúil in éiric a pheacaí féin ar dtús agus ansin in éiric peacaí an phobail. Níor ofráil seisean íobairt ach aon uair amháin riamh agus sin nuair a d'ofráil sé é féin.


Dá mbeadh sé ar talamh ní bheadh sé ina shagart ar aon chor mar tá sagairt ann cheana chun na tabhartais a ofráil de réir an dlí,


Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d'ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo.