Agus seo iad clann mhac Chohát: Amrám agus Izeár, Heabrón agus Uizíéil. Bhí céad agus a tríocha trí bliana d'fhad saoil ag Cohát.
Eabhraigh 7:3 - An Bíobla Naofa 1981 Ní luaitear a athair ná a mháthair ná a ghinealach ná a bhreith ná a bhás; ar nós Mhac Dé fanann sé ina ardsagart go deo. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Tá sé gan athair gan mháthair gan ghinealach, gan tús ar a laethanta ná deireadh ar a shaol beatha, ach é ag maireachtáil ina shagart go síoraí i gcomhchosúlacht Mhac Dé. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) leis, is é sin Rí na síothchána, gan athair, gan máthair, gan geinealach, gan tosach laethe ná deireadh saoghail, acht do rinneadh cosmhail le Mac Dé), fanann sé ’n‐a shagart de shíor. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Gan athair, gan mháthaír, gan chineadh, gan tosach laetheadh, ná deireadh beatha aige; achd ar na chur a gcosamhlachd Mhic Dé; fanuigh sé na shagart go síorruidhe. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ní luaitear a athair ná a mháthair ná a ghinealach ná a bhreith ná a bhás; ar nós Mhac Dé fanann sé ina ard-sagart go deo. |
Agus seo iad clann mhac Chohát: Amrám agus Izeár, Heabrón agus Uizíéil. Bhí céad agus a tríocha trí bliana d'fhad saoil ag Cohát.
agus ar an gcéad lá den dara mí thionóladar an comhthionól go léir. Rinne clann Iosrael go léir a nginealach a chur isteach de réir fine agus clainne, agus áiríodh ainm gach fir fiche bliain nó breis, ceann ar cheann.
Tháinig an cathaitheoir ina aice agus dúirt: “Más tú Mac Dé, abair arán a dhéanamh de na clocha seo.”
Ós rud é, mar sin, go bhfuil ardsagart againn atá gafa tríd na flaithis, Íosa, Mac Dé, coinnímis greim docht ar ár gcreideamh.
Rí Shailéim agus sagart an Dé is airde ab ea an Meilcizidic seo. Nuair a bhí Abrahám ag filleadh abhaile ó ár na ríthe bhuail Meilcizidic leis agus thug sé a bheannacht dó
A fhianaise sin na focail seo a leanas: “Is sagart síoraí thú ar nós Mheilcizidic.”
agus thug Abrahám an deichiú cuid den chreach go léir dó-san. Is é “Rí na Fíréantachta” an chéad chiall atá ag ainm Mheilcizidic ach ciallaíonn sé “Rí Shailéim,” is é sin, “Rí na Síochána,” freisin.
Ach d'ainneoin nár de shliocht Léiví é ghearr Meilcizidic deachú ar Abrahám agus thug sé a bheannacht fiú d'fhear na ngealltanas.