Eabhraigh 3:2 - An Bíobla Naofa 1981 Bhí sé dílis don Té a cheap é go díreach mar a bhí Maois dílis freisin i dteaghlach uile Dé. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Bhí sé dílis don té a cheap é mar a bhí Maois dílis freisin i dteach Dé. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) do bhí dílis do’n té d’órduigh é, mar bhí Maois ’n‐a thigh‐sean uile. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Noch do bhí díleas don tí do órduigh é, amhuil do bhí Máoisi fós ann a thighsean uile. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhí sé dílis don Té a cheap é go díreach mar a bhí Maois dílis freisin i dteaghlach uile Dé. |
Má choinníonn sibh m'aitheanta, fanfaidh sibh i mo ghrá, faoi mar a choinnigh mise aitheanta m'Athar, agus a fhanaim ina ghrá.
Thug mise glóir duit ar talamh; tá an obair déanta agam a thug tú dom le déanamh.
An té a labhraíonn uaidh féin, bíonn a ghlóir féin á lorg aige. An té a lorgann glóir an té a chuir uaidh é, tá sé fírinneach agus níl aon éagóir ann.
An té a chuir uaidh mé, tá sé in éineacht liom. Níor fhág sé i m'aonar mé, óir déanaim i gcónaí na nithe is taitneamhach leis.”
Is ann chomh maith atá sibhse do bhur gcomhthógáil agus áit chónaithe Dé á dhéanamh díbh faoi luí an Spioraid.
Seo mise ag teagasc dlíthe agus reachtanna daoibh, mar a d'aithin an Tiarna mo Dhia dom, le comhlíonadh agaibh sa tír ina bhfuil sibh ag dul le seilbh a ghabháil air.
Gabhaim buíochas lenár dTiarna Íosa Críost a thug mo chumas dom, de bhrí go raibh oiread iontaoibhe aige asam agus gur cheap sé mé i mo sheirbhíseach dó,
i dtreo, má chuirtear moill féin orm, go mbeidh a fhios agat conas is cóir duit tú féin a iompar i dteaghlach Dé, is é sin le rá, in Eaglais Dé bheo - an Eaglais atá ina cranntaca agus ina bunsraith don fhírinne.
Mar sin de, níorbh fholáir dó bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí ionas go mbeadh sé ina ardsagart trócaireach dílis i seirbhís Dé a dhéanfadh cúiteamh leis i bpeacaí an phobail.
Dúirt Samúéil ansin leis an bpobal: “An Tiarna, an té a cheap Maois agus Árón, agus a thug bhur sinsir amach as an Éigipt, [is finné é].