Tharla, agus tamall fada caite aige ann, gur fhéach Aibímeilic, rí na bhFilistíneach, amach trí fhuinneog agus go bhfaca sé Íosác ag láínteacht lena bhean Ribeacá.
Cóheilit 9:9 - An Bíobla Naofa 1981 Bíodh saol breá agat i gcuideachta na mná céile, a bhfuil grá agat di, ar feadh laethanta uile na beatha díomhaoine a thugann Dia duit abhus faoi luí na gréine, dá bhaoithe féin iad. Óir is é sin an luach saothair atá i ndán duit as ucht a ndéanann tú abhus faoi luí na greine. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Tabhair do bheátha go gáirdeach a bhfochair do mná air a mbí grádh agad air feadh uile láethe sháoghail do dhíomhaóinis, noch thug sé dhuit faói an ngréin, uile láethe do dhíomhaóinis: óir isí sin do chuid annsa tsháoghalso, agus ann do sháothar do gheibh tú faói an ngréin, |
Tharla, agus tamall fada caite aige ann, gur fhéach Aibímeilic, rí na bhFilistíneach, amach trí fhuinneog agus go bhfaca sé Íosác ag láínteacht lena bhean Ribeacá.
Foilsigh dom, a Thiarna, mo chríoch dhéanach, nocht dom líon mo laethanta, ionas gurab eol dom neamhbhuaine an tsaoil.
An té a aimsíonn bean chéile, aimsíonn sé sonas, agus bíonn fabhar aige ón Tiarna.
Tagann teach agus maoin mar oidhreacht athar, ach tagann bean chiallmhar ó láimh an Tiarna.
Agus cibé ar bith ní a shantaigh mo shúile, níor choimeád mé uathu é ná níor cheil mé aon phléisiúr ar bith orm féin. Is ea, go deimhin; bhain mé taitneamh as mo chuid saothair go léir agus is mar sin amháin a cúitíodh mo dhua uile liom.
Óir, bíonn a laethanta uile lán dóláis agus a chuid saothair lán dobróin; fiú amháin san oíche ní fhaigheann sé suaimhneas croí. Baois is ea é seo chomh maith.
Go deimhin, má éiríonn le duine ithe agus ól a dhéanamh agus aoibhneas a bhaint as a chuid saothair go léir, is tabhartas ó Dhia é.
Dá bharr sin uile chonaic mé nach bhfuil aon ní ann is fearr do dhuine ná gairdeas a dhéanamh ina chuid oibre, mar is é sin a chinniúint. Óir cé a thabharfaidh dó na nithe a thitfidh amach ina dhiaidh a fheiceáil?
Rud eile dhe, má tá aon duine ann dár thug Dia saibhreas agus maoin agus ar chuir sé ar a chumas iad a chaitheamh agus glacadh lena chinniúint agus aoibhneas a bhaint as a chuid saothair, is tabhartas ó Dhia é sin.
Óir cé arb eol dó céard is maith don duine sa saol seo le linn gearrthéarma na beatha díomhaoine a chaitheann sé anseo ar nós scáile. Cé hé ar féidir dó a insint don duine cad a tharlóidh abhus faoi luí na gréine nuair a bheidh seisean imithe?
Le linn mo bheatha díomhaoine chonaic mé an uile chineál nithe: fíréan á scrios d'ainneoin a chuid fíréantachta agus saol fada ag an drochdhuine d'ainneoin a chuid mailíse.
Nach ndearna sé aon aonad amháin a bhfuil colainn agus spiorad fite fuaite ina chéile ann? Ach deir sibhse: “Céard eile atá á lorg ag [Dia] ach sliocht diaganta?” Mar sin de, coinnígí slán spiorad na beatha sin agaibh agus ná déanadh aon duine feall ar an mbean atá mar chéile aige óna óige.