Níl duine ar bith ann a bhfuil de chumhacht aige ar an ngaoth gur féidir dó í a shrianadh; níl sé ar chumas an duine ach oiread an bás a chur ar athló; in aimsir chogaidh níl a scaoileadh ó sheirbhís airm le fáil ag aon duine; ná ní mó a shábhálfaidh an t‑olc lucht a dhéanta.
¶ Ní bhfuil duine ar bith agá bhfuil cumhacht air an spioraid chum a spioraide dfostogh; ní mó atá cumhacht aige a ló an bháis: agus ní bhfuil deaghailt aige annsa ccogadh sin; ní mó sháorfas an tolc an drong do bheir íad féin dó.
Tá an bás i ndán dúinn go léir; is cuma sinn nó uisce a doirteadh ar an talamh nach féidir a bhailiú le chéile aris; ní mó ná sin a ardaíonn Dia duine ón mbás. Déanadh [an rí] mar sin seift ar son an té a díbríodh le nach bhfanfadh sé i bhfad i gcéin uaidh ar deoraíocht.
Leanadar a lorg chomh fada leis an Iordáin, agus, féach! bhí éidí agus fearais a chaith na hArámaigh uathu le teann deabhaidh caite ar feadh an bhealaigh go léir. D'fhill an lucht braite leis an scéala sin don rí.
Óir ní eol don duine a ionú féin; mar éisc a cheaptar i líon fealltach, nó mar éin a mbeirtear orthu i gcliabhán, sin mar a ghabhtar daoine nuair a thagann uair an mhí-áidh orthu go tobann.
Deir sibh: “Tá conradh déanta againn leis an mBás, agus le Seól tá muid tagtha ar réiteach. Rabharta an aimhlis, nuair a thiocfaidh sé thart, ní shroichfidh sé fad linne; mar tá dídean faighte againn sa bhréag, agus sa chealg fuaireamar foscadh.”
Bhí tú muiníneach as do mhailís, á rá: “Ní fheiceann aon duine mé.” Do chríonnacht agus d'eolas, is iad a mhearaigh thú. Bhítheá á rá leat féin i do chroí istigh: “Mise, mé féin amháin!”
Is fíor gur céasadh ar an gcrois é le barr laige ach tá sé beo anois le cumhacht Dé. Is é an dála céanna againne é: táimidne lag ann ach beimid beo mar aon leis trí chumhacht Dé chun freastal oraibhse.