Óir, má thiteann duine acu ar lár, is féidir leis an duine eile a chomhghleacaí a thógáil suas. Ach is mairg don duine aonair nuair a thiteann sé; mar ní bhíonn aon duine aige chun é a thógáil.
Cóheilit 4:11 - An Bíobla Naofa 1981 Rud eile de, má chodlaíonn beirt le chéile, bíonn siad te teolaí. Ach conas is féidir don duine aonair é féin a choimeád te? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A rís, má luighionn días a bhfochair a chéile, annsin biáidh síad te: acht cionnus fhéadas duine na aonar a bheith té. |
Óir, má thiteann duine acu ar lár, is féidir leis an duine eile a chomhghleacaí a thógáil suas. Ach is mairg don duine aonair nuair a thiteann sé; mar ní bhíonn aon duine aige chun é a thógáil.
Thairis sin arís mar a mbuafaí ar an duine aonair, is féidir don dís an fód a sheasamh. Ní furasta ach oiread corda trí dhual a bhriseadh.