Óir tá an chinniúint chéanna ag an duine agus atá ag an ainmhí; mar a fhaigheann ceann acu bás, sin mar a fhaigheann an ceann eile bás chomh maith; óir tá an t‑aon spiorad amháin iontu go léir agus níl aon bhuntáiste ag an duine ar an ainmhí. Baois is ea gach uile ní.
Oír an ní theagmhas do mhacaibh na ndaoine teagmhaidh do na hainmhighthibh; aoinní amháin theagmhas dóibh: óir mar théid cuid aca déag, is marsin éagas an chuid oile; fós, is áonanál amháin atá aca; marsin nach bhfuil uáisle ag an nduine thar a nainmhidhe: óir is díomhaóineas iad ré chéile.
Tá an bás i ndán dúinn go léir; is cuma sinn nó uisce a doirteadh ar an talamh nach féidir a bhailiú le chéile aris; ní mó ná sin a ardaíonn Dia duine ón mbás. Déanadh [an rí] mar sin seift ar son an té a díbríodh le nach bhfanfadh sé i bhfad i gcéin uaidh ar deoraíocht.
Mar sin féin, nuair a chuir mé m'intinn ag obair chun an eagna agus an t‑eolas, an díth céille agus an amaidí, a thuiscint, d'aithin mé nach raibh anseo chomh maith ach tóraíocht gaoithe.
Arsa mise liom féin mar sin: “Más í cinniúint an daoi mo chinniúntse freisin, cad chuige go mbeinnse chomh heagnaí sin ar fad? Cén tairbhe dom é?” Agus is é a dúirt mé: “Baois is ea é seo chomh maith.
Óir ní eol don duine a ionú féin; mar éisc a cheaptar i líon fealltach, nó mar éin a mbeirtear orthu i gcliabhán, sin mar a ghabhtar daoine nuair a thagann uair an mhí-áidh orthu go tobann.
Óir, is í an t‑aon chinniúint amháin atá i ndán do chách: don fhíréan agus don pheacach, don dea-dhuine agus don drochdhuine, don duine glan agus don duine neamhghlan, don duine a ofrálann íobairt agus don duine nach n‑ofrálann íobairt; is ionann cor don duine macánta agus don duine urchóideach, don té a mhionnaíonn go tobann agus don té a bhfuil eagla air mionn a thabhairt.