Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Apacailipsis (Taispeántadh) 8:1 - An Bíobla Naofa 1981

Nuair a d'oscail [an tUan] an seachtú séala, tharla ciúnas, mar a bheadh ar feadh leathuaire, sna flaithis.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Nuair a bhris an tUan an seachtú séala, bhí ciúnas ann ar neamh a mhair tuairim is leathuair an chloig.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus nuair d’fhoscail sé an seachtmhadh séala, do bhí tost ar neamh tuairim is leathuair.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus an tan do fhosguil sé an seachdmhadh séula, do bhí cíunas ar neamh túairim leathuáire.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Nuair a dʼoscail an tUan an seachtú séala, tharla ciúnas, mar a bheadh ar feadh leathuaire, sna flaithis .

Féach an chaibidil



Apacailipsis (Taispeántadh) 8:1
14 Tagairtí Cros  

Bhí neach ina sheasamh ansiúd, nár aithin mé a chló; Bhí scáil os comhair mo shúl. Bhí ciúnas, agus ansin chuala glór caoin:


Glac suaimhneas sa Tiarna agus foighnigh leis: ná bíodh ceist ort faoin té ar a mbíonn an séan, ná faoin duine a chleachtann an choirpeacht


Don stiúrthóir. Dé réir Iduthun. Salm [le] Dáiví.


Ach tá an Tiarna ina theampall naofa; bíodh an domhan go léir ina thost ina láthair.


Féach, táim ag bagairt mo dhoirn ina n‑aghaidh, agus déanfaidh a gcuid sclábhaithe slad orthu. Beidh a fhios agaibhse ansin gurbh é Tiarna na Slua a chuir uaidh mé.


D'imigh siad agus rinne siad an uaimh daingean, ag bualadh séala ar an gcloch agus ag ceapadh garda.


Agus chonaic mé go raibh, i ndeaslámh an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir, scrolla ar a raibh scríbhneoireacht laistigh agus lasmuigh, agus é séalaithe le seacht séala;


Chan siad iomann nua á rá: “Is fiú thú an scrolla a ghlacadh, agus a shéalaí a bhriseadh, óir básaíodh thú agus d'fhuascail tú daoine do Dhia le d'fhuil, as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine,


Ansin san fhís dom, nuair a d'oscail an tUan an chéad cheann de na seacht séala, chuala mé ceann de na ceithre dúile beo á rá de ghlór mar thoirneach: “Tar.”


Nuair a d'oscail sé an séú séala, d'fhéach mé; agus tharla crith mór talún, agus dhubhaigh an ghrian mar éadach róin, agus dheargaigh an ghealach go léir mar fhuil,


Nuair a d'oscail sé an dara séala, chuala mé an dara dúil á rá: “Tar.”


Nuair a d'oscail sé an tríú séala chuala mé an tríú dúil á rá: “Tar.” D'fhéach mé agus b'shiúd an t‑each dubh, agus scálaí ina láimh ag a mharcach.


Nuair a d'oscail sé an ceathrú séala, chuala guth an cheathrú dúil bheo á rá: “Tar.”


Nuair a d'oscail sé an cúigiú séala, chonaic mé faoin altóir a n‑anmacha uile úd a maraíodh ar son bhriathar Dé agus ar son na fianaise a thug siad.