Apacailipsis (Taispeántadh) 7:8 - An Bíobla Naofa 1981 ar dhá mhíle dhéag de threibh Zabúlun, ar dhá mhíle dhéag de threibh Iósaef, ar dhá mhíle dhéag de threibh Bhiniáimin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Sheabúlún, agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Iósaif, agus bhí dhá mhíle dhéag de threibh Bheniamín ar cuireadh séala orthu. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ar dhá mhíle déag de threibh Shabúlóin: Ar dhá mhíle déag de threibh Sheosaimh: Ar dhá mhíle déag de threibh Bheniamín. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Shabulón. Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Ióseph. Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Bheniamin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ar dhá mhíle dhéag de threibh Zeabalan, ar dhá mhíle dhéag de threibh Iósaef, ar dhá mhíle dhéag de threibh Bhiniáimin. |
Ní dhearna an t‑athair rud air, ach dúirt: “Tá a fhios agam, a mhic ó, tá a fhios sin. Beidh seisean leis ina phobal mór, agus beidh sé tábhachtach. Ach is tábhachtaí ná é a bheidh an deartháir is óige agus beidh a shliocht ina mbaicle ciníocha.”
Nuair a bhí ginealach mhuintir Bhiniáimin curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
ar dhá mhíle dhéag de threibh Shimeon, ar dhá mhíle dhéag de threibh Léiví, ar dhá mhíle dhéag de threibh Íosácár,
Ina dhiaidh sin b'shiúd an mathshlua mór nárbh fhéidir d'aon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga; bhí siad ina seasamh os comhair na ríchathaoireach agus os comhair an Uain, iad gléasta in éidí geala agus craobhacha pailme acu ina lámha.
Ghabh teaghlach Iósaef suas mar an gcéanna i gcoinne Bhéitéil, agus bhí an Tiarna leo.