Ghabh sí gin arís agus rug sí mac, á rá: “Ós rud é gur rug mé triúr mac dó, aontófar m'fhear liom an uair seo”; thug sí Léiví dá réir sin mar ainm air.
Apacailipsis (Taispeántadh) 7:7 - An Bíobla Naofa 1981 ar dhá mhíle dhéag de threibh Shimeon, ar dhá mhíle dhéag de threibh Léiví, ar dhá mhíle dhéag de threibh Íosácár, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Shiméón, agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Lébhí, agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Isacar, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ar dhá mhíle déag de threibh Shimeoin: Ar dhá mhíle déag de threibh Lébhí: Ar dhá mhíle déag de threibh Issachair: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Shímeon. Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Lébhi. Do séuluigheadh dhá mhíle dhéug do threibh Issachar. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ar dhá mhíle dhéag de threibh Shimeon, ar dhá mhíle dhéag de threibh Léiví, ar dhá mhíle dhéag de threibh Íosácár, |
Ghabh sí gin arís agus rug sí mac, á rá: “Ós rud é gur rug mé triúr mac dó, aontófar m'fhear liom an uair seo”; thug sí Léiví dá réir sin mar ainm air.
Dúirt Léá: “Thug Dia mo thuarastal dom mar gur thug mé m'ionailt do m'fhear.” Thug sí Íosácár air dá réir sin.
Dáréag mac a bhí ag Iacób. Seo iad clann Léá: Reúbaen, céadghin Iacóib, ansin Simeon agus Léiví, agus Iúdá, agus Íosácár, agus Zabúlun.
Ceanglaíonn sé a asal den fhíniúin agus searrach a lárach dá stoc. Níonn sé a éide i bhfíon agus a chulaith i bhfuil na gcaor;
Seo iad ainmneacha chlann Léiví de réir a nginealach: Géirseon agus Cohát agus Maráraí. Bhí céad agus a daichead a seacht mbliana d'fhad saoil ag Léiví.
Nuair a bhí ginealach mhuintir Shímeon curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh ar a gcumas airm a iompar.
An tIosraelach a maraíodh - an té úd is é sin a maraíodh leis an mbean Mhidiánach - Zimrí mac Sálú a ba ainm dó, ceannaire ar theaghlach sinseartha de chuid Shímeon.
Ar Shimeon a thit an dara crann, ar threibh chlann Shimeon de réir a bhfiní; bhí a n‑oidhreacht i lár oidhreacht threibh Iúdá.
ar dhá mhíle dhéag de threibh Áiséar, ar dhá mhíle dhéag de threibh Naftáilím, ar dhá mhíle dhéag de threibh Mhanaise,
ar dhá mhíle dhéag de threibh Zabúlun, ar dhá mhíle dhéag de threibh Iósaef, ar dhá mhíle dhéag de threibh Bhiniáimin.
Ansin dúirt Iúdá lena dheartháir Simeon: “Téanam liomsa isteach sa dúiche a dáileadh orm, d'fhonn go gcuirfimís cath ar na Canánaigh; rachaidh mise ansin in éineacht leatsa isteach sa dúiche a dáileadh ortsa.” Mhairseáil Simeon in éineacht leis dá bhrí sin.