D'imigh siad agus rinne siad an uaimh daingean, ag bualadh séala ar an gcloch agus ag ceapadh garda.
Apacailipsis (Taispeántadh) 6:3 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a d'oscail sé an dara séala, chuala mé an dara dúil á rá: “Tar.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a scaoil sé an dara séala, chuala mé an dara beithíoch ag rá, “Tar amach!” Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair d’fhoscail sé an dara séala, do chualas an dara h‐ainmhidhe g‐á rádh, Tar. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do fhosguil sé an dar séula, do chúaluidh mé an dara beathach ag rádh, Gabh a leith agus féuch. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a dʼoscail sé an dara séala, chuala mé an dara dúil dá rá: “Tar.” |
D'imigh siad agus rinne siad an uaimh daingean, ag bualadh séala ar an gcloch agus ag ceapadh garda.
Is cosúil an chéad dúil bheo le leon agus an dara dúil le damh; tá aghaidh mar aghaidh duine ar an tríú dúil, agus tá an ceathrú dúil cosúil le hiolar ar eitilt.
Ansin san fhís dom, nuair a d'oscail an tUan an chéad cheann de na seacht séala, chuala mé ceann de na ceithre dúile beo á rá de ghlór mar thoirneach: “Tar.”
Nuair a d'oscail [an tUan] an seachtú séala, tharla ciúnas, mar a bheadh ar feadh leathuaire, sna flaithis.