Bhí fís agam ina dhiaidh sin, agus ba shiúd doras oscailte ar neamh, agus an chéad ghlór a chuala ag labhairt liom mar ghlór trumpa, bhí sé á rá: “Gabh anseo aníos agus taispeánfaidh mé duit a gcaithfidh teacht ina ndiaidh seo.”
Apacailipsis (Taispeántadh) 5:4 - An Bíobla Naofa 1981 Ghoil mé go fuíoch mar nach bhfuarthas aon duine arbh fhiú é an scrolla a oscailt ná féachaint air. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus chaoin mé uisce mo chinn faoi gan aon duine a bheith le fáil ab fhiú an scrolla a oscailt ná amharc faoi. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do chromas‐sa ar gol go mór toisc gan aoinneach gurbh fhiú é an leabhar d’fhoscailt bheith le fágháil, ná fiú dearcadh air. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sin do cháoi mise go mór, do bhrígh nach raibh éinneach air fhagháil do bfíu an leabhar dosgladh ná a leughadh, na fós féuchain air. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ghoil mé go fuíoch mar nach bhfuarthas aon duine arbh fhiú é an scrolla a oscailt ná féachaint air. |
Bhí fís agam ina dhiaidh sin, agus ba shiúd doras oscailte ar neamh, agus an chéad ghlór a chuala ag labhairt liom mar ghlór trumpa, bhí sé á rá: “Gabh anseo aníos agus taispeánfaidh mé duit a gcaithfidh teacht ina ndiaidh seo.”
Ach níor fhéad aon duine ar neamh ná ar talamh ná faoin talamh an scrolla a oscailt, ná féachaint air.
Ach dúirt duine de na seanóirí liom: “Ná bí ag gol. Féach! bhí an bua ag an leon de threibh Iúdá, fréamh Dháiví, i dtreo go n‑osclóidh sé an scrolla agus a sheacht séala.”