Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Apacailipsis (Taispeántadh) 3:8 - An Bíobla Naofa 1981

Is eol dom d'oibreacha. Féach! chuir mé doras ar leathadh romhat, nach féidir d'aon duine a dhúnadh, óir is beag é an neart atá agat ach choinnigh tú m'fhocal agus níor shéan tú m'ainm.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

“ ‘Is feasach dom dʼoibreacha: Féach, dʼfhág mé an doras ar oscailt romhat nach féidir le duine ar bith a dhúnadh; tá a fhios agam go bhfuil mo bhriathar coinnithe slán agat agus mʼainm gan séanadh agat in ainneoin laige do bhri.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Is eol dom t’oibreacha (féach, atá doras foscailte curtha agam rómhat, agus ní fhéadann aoinneach a dhúnadh), de bhrigh go bhfuil beagán cumhachta agat, agus gur choimheádais mo bhriathar, agus nár shéanais m’ainm.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

As aithnidh dhamh hoibreacha: féuch, do chuir mé doras osguilte romhad, agus ní héidir déinneach a dhúnadh: do bhrígh go bhfuil brígh bheag ionnad, agus gur choimhéid tú mo bhríatharsa, agus nar shéun tú mainm.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Is eol dom dʼoibreacha. Féach! Chuir mé doras ar leathadh romhat, nach féidir dʼaon duine a dhúnadh, óir is beag é an neart atá agat ach choinnigh tú mʼfhocal agus níor shéan tú mʼainm.

Féach an chaibidil



Apacailipsis (Taispeántadh) 3:8
25 Tagairtí Cros  

Ar eagla go mbeinn sách agus go séanfainn thú, agus go ndéarfainn: “An Tiarna? - cé hé féin?” Nó go mbeinn bocht agus go ndéanfainn goid, agus go maslóinn ainm mo Dhé.


ach an té a shéanfaidh mise i láthair daoine, séanfar eisean i láthair aingeal Dé.


Cuimhnígí ar an bhfocal a dúirt mé libh: ‘Níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir. Má rinne siad géarleanúint ormsa, déanfaidh siad géarleanúint oraibhse chomh maith. Má choinnigh siad mo bhriatharsa, coinneoidh siad bhur mbriatharsa chomh maith.


D'fhoilsigh mé d'ainm do na daoine a thug tú dom as an saol; ba leatsa iad, agus thug tú domsa iad, agus tá do bhriathar coinnithe acu.


Ar theacht dóibh, thionóil siad an Eaglais le chéile, agus d'eachtraigh dóibh a raibh déanta ag Dia i gcomhar leo agus mar a d'oscail sé doras an chreidimh do na págánaigh.


mar tá doras mór ar leathadh romham chun oibre - agus tá naimhde go leor agam.


Ar dhul dom go Tróas ag fógairt dea-scéal Chríost, cé go raibh doras ar leathadh ag an Tiarna romham,


Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.


Agus déanaigí guí orainne chomh maith, a iarraidh ar Dhia bealach a réiteach dúinn chun a bhriathar a leathadh agus chun rúndiamhair Chríost a fhógairt. Ós é an rúndiamhair sin faoi deara dom bheith i ngéibheann,


an duine nach ndéanann aon chúram dá mhuintir agus do lucht a theaghlaigh féin go háirithe, tá an creideamh séanta aige agus is measa é ná an díchreidmheach.


Tá an comhrac maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam.


Tá bheith istigh faighte ag daoine áirithe, dream a marcáladh le fada roimh ré don bhreithiúnas seo, éagráifigh a dhéanann grásta ár nDé a chlaochlú ina dhrabhlás, agus a shéanann ár n‑aon mháistir agus Tiarna, Íosa Críost.


Is eol dom cá bhfuil cónaí ort, mar a bhfuil ríchathaoir Shátain; agus coinníonn tú m'ainm agus níor thréig tú do chreideamh ionam fiú i laethanta Aintipeas, an finné dílis liom a cuireadh chun báis ar an mbaile agaibh, mar a bhfuil cónaí ar Shátan.


Is eol dom d'oibreacha, agus do shaothar, agus d'fhoighne, agus mar nach féidir duit lucht an oilc a fhulaingt, agus mar a phromhaigh tú an dream a thug aspail orthu féin agus nach amhlaidh dóibh, agus mar a fuair tú bréagach iad.


Sea, féach, is gearr go deimhin go dtiocfaidh mé. Is méanar don té a choinníonn focail fháistine an leabhair seo.”


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Sairdis: ‘Mar seo a deir an té ag a bhfuil seacht spiorad Dé agus na seacht réalta: Is eol dom d'oibreacha, go bhfuil tú in ainm a bheith beo, ach gur marbh thú.


De bhrí gur choinnigh tú focal m'fhoighne, coinneoidh mise thusa ó uair an chathaithe, atá le teacht ar an domhan go léir, chun lucht áitrithe an domhain a phromhadh.


Is eol dom d'oibreacha, nach fuar thú agus nach te. Uch nach fuar nó te thú!


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i bhFilideilfia: ‘Mar seo a deir an té is naofa, an té is fírinneach, an té ag a bhfuil eochair Dháiví, an té a osclaíonn agus nach ndúnann aon duine: