Mar seo a labhraíonn an Tiarna, rí Iosrael, agus a fhuascailteoir, Tiarna na Slua: “Is mise an tús agus an deireadh; ach mise amháin, níl déithe ar bith eile ann.
Apacailipsis (Taispeántadh) 2:8 - An Bíobla Naofa 1981 “Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Smiorna: ‘Mar seo a deir an té atá ar tosach agus ar deireadh, an té ba mharbh agus ar tháinig anam ann: An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Agus scríobh mar seo leanas chuig aingeal na heaglaise atá i Smirna: ‘Briathra an té a bhí ann ar dtús agus a bheas ann ar deireadh, a bhí marbh agus a dʼéirigh beo. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus scríobh chum aingil na h‐eaglaise i Smiorna; Is é adeir an tosach agus an deireadh, do bhí marbh, agus atá beo: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus sgríobh chum aingil eagluise na Smirna; Ag so na neithe a déir an céidneach agus an neach deigheanach noch fuáir bás, agus atá beó; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Smiorna: ‘Mar seo a deir an té atá ar tosach agus ar deireadh, an té ba mharbh agus ar tháinig anam ann: |
Mar seo a labhraíonn an Tiarna, rí Iosrael, agus a fhuascailteoir, Tiarna na Slua: “Is mise an tús agus an deireadh; ach mise amháin, níl déithe ar bith eile ann.
Éist liom, a Iacóib, a Iosrael, ós ortsa a ghlaoigh mé: Is mise an tús agus is mise fós an deireadh.
Mar is chuige seo a fuair Críost bás agus a d'éirigh beo: chun go mbeadh tiarnas ar bheo agus ar mhairbh araon aige.
á rá: “Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú agus seol é go dtí na seacht n‑eaglaisí, go hEifeasas, go Smiorna, go Peargamas, go Tíaitíora, go Sairdis, go Filideilfia, agus go Láoidícéa.”
“Mise an tAlfa agus an tÓimige,” a deir an Tiarna Dia, an té atá, a bhí agus atá le teacht, an tUilechumhachtach.
“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise in Eifeasas: ‘Mar seo a deir an té a bhfuil greim aige ar na seacht n‑eaglaisí ina dheasláimh, agus a shiúlann i measc na seacht gcoinnleoirí óir:
Mise an tAlfa agus an tÓimige, an té atá ar tosach agus ar deireadh, an tús agus an chríoch.”