Sin agat anois do lucht draíochta, lenar chaith tú do dhua ó d'óige i leith! Imeoidh siad leo, gach aon acu ag dul roimhe, gan de chumas iontu tú a shábháil.
Apacailipsis (Taispeántadh) 18:3 - An Bíobla Naofa 1981 óir d'ól na ciníocha go léir fíon corraitheach a striapachais. Rinne ríthe an domhain striapachas léi Agus d'éirigh ceannaitheoirí an domhain saibhir le teann a teaspaigh.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ise ar ól na ciníocha uile dianfhion a drúise, a raibh ríthe an domhain mar leannáin leapa aid, a ndearna ceannaithe an domhain a saibhreas as láidr-eacht a sáile.” Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir atá na cinidheacha go léir tuitthe ar lár de dheascaibh fíona díbheirge a drúise; agus do chleacht righthe an domhain drúis léi, agus d’éirigh ceannaidhthe an domhain saidhbhir de bhárr a sadhaile. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír do íbheadar na huile cineadhacha dfíon fheirge a sdríopachuis, agus do rinneadar ríghthe na talmhán sdríopachas ría, agus atáid ceannuighthe na talmhan ar na ndéunamh saídhbhir ré hiomad a sáimhe. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 óir dʼól na ciníocha go léir fíon corraitheach a striapachais. Rinne ríthe an domhain striapachas léi Agus mʼéirigh ceannaitheoirí an domhain saibhir le teann a teaspaigh.” |
Sin agat anois do lucht draíochta, lenar chaith tú do dhua ó d'óige i leith! Imeoidh siad leo, gach aon acu ag dul roimhe, gan de chumas iontu tú a shábháil.
“D'ith sé mise, d'alp sé mé, rí sin na Bablóine[, Nabúcadnazar]; rinne sé soitheach folamh díom, shlog sé siar mé mar a dhéanfadh dragan, líon sé a bholg de mo shólaistí.”
Bhí an Bhablóin ina cupán órga i láimh an Tiarna; chuir sí an talamh uile ar meisce; d'ól na náisiúin cuid dá fíon agus d'imigh ansin le báiní.
An dream nach n‑itheadh ach bia beadaí, tá siad ag fáil bháis sna sráideanna; iad siúd a tógadh in éadach corcra, luíonn siad go faon ar charn dramhaíle.
De dheasca oll-líon na ngníomhartha striapachais a rinne an striapach ghrástúil sciamhach, atá oilte ar orthanna draíochta, agus a chuir daoirse ar na náisiúin lena cuid striapachais agus ar chiníocha lena horthanna draíochta,
Ach cad a chuaigh sibh amach a fheiceáil? Duine a bhí cóirithe in éadaí míne? Iad seo a bhíonn gléasta go niamhrach agus a mhaireann go beadaí, is i bpáláis na ríthe atá siad.
Coinnigh amach na baintreacha óga, mar nuair a chlaonann an teaspach ó Chríost iad, tagann fonn pósta orthu
Agus lean aingeal eile, an dara ceann, é á rá: “Thit an Bhablóin Mhór, thit sí siúd a thug ar na ciníocha uile fíon feirge a striapachais a ól.”
Rinne ríthe an domhain striapachas léi-se, agus chuir fíon a striapachais áitritheoirí an domhain ar meisce.”
Agus chaith siad luaithreach ar a gceann agus ghoil siad go hard ag caoineadh is ag olagón: “Is mairg di, is mairg don chathair mhór, mar ar chruinnigh lucht na loingeas go léir ar muir saibhreas de bharr a rachmais; in aon uair amháin scriosadh í.
Ná ní shoilseoidh solas lóchrainn ionat a thuilleadh; ná ní bheidh guth fir ná mná céile le cloisteáil ionat feasta. Óir ba iad do mhangairí flatha an domhain; agus mealladh na ciníocha go léir le d'asarlaíocht.
De réir mar a bhí éirí in airde uirthi agus teaspach, tugaigí di peannaid agus doilíos. Óir is é a deir sí ina croí: ‘Is banríon mé i mo chathaoir; ní baintreach mé ná ní baol dom doilíos a fheiceáil.’
Agus ríthe an domhain, an dream a rinne striapachas léi agus teaspach, déanfaidh siad caoineadh agus lógóireacht fúithi nuair a fheicfidh siad deatach a tóiteáin;