Apacailipsis (Taispeántadh) 10:9 - An Bíobla Naofa 1981 Chuaigh mé chun an aingil á rá leis an scrolla beag a thabhairt dom. Agus dúirt sé liom: “Tóg agus slog é, agus cuirfidh sé casadh searbh ar do ghoile, ach beidh sé milis mar mhil i do bhéal.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Chuaigh mé mar sin go dtí an t-aingeal gur iarr air an leabhrán a thabhairt dom; agus dúirt sé liom, “Glac agus caith é; beidh sé searbh ar do ghoile, ach beidh sé chomh milis le mil i do bhéal.” Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do chuadhas chum an aingil, agus d’iarras air an leabhar beag do thabhairt dom. Agus adubhairt seisean liom, Glac agus sluig siar é; déanfaidh sé do bholg searbh, acht béidh sé chómh milis le mil id’ bhéal. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do imthigh mé chum a naingil, agus a dubhairt mé ris, Tabhair dhamh an leabhrán. Agus a dubhairt seision riom, Glac, agus sluig é; agus do dhéuna sé do bhruinn searbh, achd biáidh sé ad bhéul comhmilis ré mil. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Chuaigh mé chun an aingil dá rá leis an scrolla beag a thabhairt dom. Agus dúirt sé liom: “Tóg agus slog é, agus cuirfidh sé casadh searbh ar do ghoile, ach beidh sé milis mar mhil i do bhéal.” |
Nuair a tháinig do bhriathra, d'ith mise iad. Bhí do bhriathar ina ghairdeachas agus ina lúcháir do mo chroí; óir gaireadh d'ainmse orm, a Thiarna, Dia na Slua.
“Ach tusa, a mhic an duine, éist lena ndeirim leat; ná bí ceannairceach mar an dream ceannairceach úd; oscail do bhéal agus caith siar a dtugaim duit.”
Thóg an spiorad in airde mé agus rug leis mé, agus d'imigh mé faoi sheirfean agus faoi bhruth feirge agus lámh an Tiarna ag luí go trom orm.
Thóg mé an scrolla beag, más ea, ó lámh an aingil agus shlog mé é, agus bhí sé milis mar mhil i mo bhéal, agus nuair a bhí sé ite agam tháinig casadh searbh ar mo ghoile.